MA / Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)
Forléargas ar an gCúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fad ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga, ar a n-áirítear cruinnscríobh na Gaeilge, modheolaíochtaí taighde agus an tsochtheangeolaíocht. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Áine Nic Niallais PhD
Seathrún Ó Tuairisg PhD
Séamus Ó Coileáin MPhil
Niall Mac Uidhilin PhD
Belinda McHale MA
Lisa Ní Fhlatharta MA
Aodh Ó Coileáin LLM
Tomás Ó Maolalaidh MA
Eoin Ó Droighneáin MA
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Dhá bhliain (páirtaimseartha)
Dáta tosaithe
01/09/2017
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Dáta tosaithe
01/09/2017
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
90
Dámhachtain
Cód CAO
Cód PAC
GYA90
Imlíne an chúrsa
Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime), an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú), mar aon le gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil – straitéisí agus uirlisí éagsúla a úsáidtear chun cáipéisí gairmiúla ar ardchaighdeán a chur i gcrích agus a chur i láthair.
Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas:
Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu.
Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Táimid buíoch de Memsource as ucht a mbogearra aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce don chlár léinn seo.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 493366
R: leannteanga
oegaillimh.ieÍoslódálacha
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (514 KB)
-
Ábhair Oidí 2018 PDF (770 KB)
-
Bróisiúr Fochéime 2018 PDF (3.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (663 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (583 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (816 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (500 KB)
-
Dianchúrsaí 2018 PDF (1.3 MB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (535 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (488 KB)