Bí i do chónaí i lóistín Gaelach áit a mbeidh deis agat:

  • lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus tú ag tabhairt faoi do chéim in Ollscoil na Gaillimhe
  • do chuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh agus tú mar chuid lárnach de phobal Gaeilge na hOllscoile i do bhaile nua
  • cur le do chuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí sóisialta Gaelacha agus cultúrtha a bheidh ar bun san Ollscoil agus a bheidh á reáchtáil ar an láthair lóistín

Beidh ocht gcinn d’árasáin ar fáil i mBaile na Coiribe agus beidh na seomraí seo a leanas ar fáil:

  • Seomra Singil (en suite príobháideach)
  • Seomra Dúbailte (en suite príobháideach)
  • Seomra Singil (en suite roinnte idir beirt)
  • Seomra Dúbailte (en suite roinnte idir beirt)

Ní bheidh seomraí gan en suite ar fáil faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge.

Conas iarratas a dhéanamh:
Má tá spéis agat sa Scéim Cónaitheachta Gaeilge, déan teagmháil le hOifigeach na Gaeilge (oifigeachnagaeilge@oegaillimh.ie) ag léiriú do chuid spéise sa Scéim. Spriocdháta d’iarratais: 1 Márta 2024.

Déanfar iarratais a ghearrliostú agus cuirfear na mic léinn a n-éireoidh leo spás a fháil ar an ngearrliosta faoi agallamh i mí Aibreáin. Cuirfear spásanna ar fáil i mBloc na Gaeilge bunaithe ar na hagallaimh sin.

Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar lóistín tríd an Scéim Cónaitheachta Gaeilge seomra – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna.

Dá bhrí sin, moltar go láidir duit iarratas ginearálta a dhéanamh ar lóistín i mBaile na Coiribe ar champas na hOllscoile freisin (eolas ar fáil anseo). D’fhéadfaí seomra a thairiscint duit má roghnaítear thú tríd an gcóras crannchuir (tabhair faoi deara, áfach, nach seomra i mBloc na Gaeilge a bheadh i gceist).

Tabhair faoi deara go mbeidh praghsanna éagsúla i gceist do sheomraí éagsúla.