MA (Ateangaireacht Chomhdhála)
Forléargas ar an gCúrsa
Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus an taisclann institiúide.Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chláir seo ach is iondúil go gcuirtear ranganna i dteangacha eile ar fáil ag brath ar riachtanais na mac léinn. Déanfar staidéar ar Theoiric agus Cleachtas na hAteangaireachta, áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide e.g. glóroiliúint.
Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais oibre agus dálaí oibre. Déanfar staidéar freisin ar an Aontas Eorpach agus eagróidh an Ollscoil seachtain staidéir chuig Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa chun léargas a thabhairt do mhic léinn ar an ateangaireacht.
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Eoin Ó Droighneáin, MA
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Dioplóma Iarchéime: bliain acadúil amháin
MA: bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa)
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
12
Spriocdháta
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
90 (MA), 60 (Diop)
Dámhachtain
Cód CAO
Cód PAC
GYA85
Imlíne an chúrsa
Tá an clár seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála, clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Is gá go mbeadh iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scrúduithe ateangaireachta idirnáisiúnta agus is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn.Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Susan Folan
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 495 810
R: susan.folan
oegaillimh.ie
http://www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ateangaireacht-chomhdhala-irish.html
Cad a deir ár mic léinn
Barry Doran | MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála)
Céim an-mhór i dtreo na gairme ag leibhéal an AE is ea an MA san Ateangaireacht Chomhdhála i nGaillimh. Dírítear ar scileanna praiticiúla le cinntiú go mbaineann na mic léinn na cáilíochtaí cuí amach le tabhairt faoin ateangaireacht go proifisiúnta. Foghlaimítear faoi na modhanna éagsúla ateangaireachta agus faoi fheidhmiú an AE, rud a chabhraíonn go mór má tá súil agat tabhairt faoi obair ag an leibhéal sin. Phioc mé an cúrsa seo mar go raibh suim agam i dteangacha ó bhí mé an-óg agus bhí mé sásta go dtabharfadh mo rogha MA i nGaillimh an seans is fearr dom cuireadh a fháil chuig na scrúduithe idir-institiúideacha sa Bhruiséil. Tá mé cinnte go ndearna mé an rogha cheart dom féin mar bhí sé mar sprioc agam i gcónaí go mbeadh mo chuid teangacha in úsáid agam gach uile lá beo. D’fhéadfainn a bheith ag obair áit ar bith ó lá amháin go lá eile – ag comhdháil ar athrú aeráide, cúrsaí iascaireachta, cumarsáid dhigiteach nó don tSeirbhís um Spástaighde fiú! Is mór an onóir dom a rá go bhfuil mé ag obair leis an gCoimisiún Eorpach, Feisirí Parlaiminte, agus Airí Eorpacha freisin – rudaí nach mbeadh ach i gceo na haislinge murach an cháilíocht seo a bheith bainte amach agam.
Íoslódálacha
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (514 KB)
-
Ábhair Oidí 2018 PDF (770 KB)
-
Bróisiúr Fochéime 2018 PDF (3.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (663 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (583 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (816 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (500 KB)
-
Dianchúrsaí 2018 PDF (1.3 MB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (535 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (488 KB)