Corn Uí Chon Cheanainn 2024.

Is comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do scoláirí tríú leibhéal é Corn Uí Chon Cheanainn. Is i gcuimhne ar an sárfhonnadóir, Ciarán Ó Con Cheanainn, a bunaíodh an comórtas roinnt blianta ó shin. Is in Ollscoil na Gaillimhe a rinne Ciarán a bhunchéim agus chaith sé seal ag teagasc leis an Acadamh. Mac léinn le Léann an Aistriúcháin, Evan Ó Gríofa a chroch leis an corn anuraidh.

Beidh an comórtas ar bun in Ollscoil na Gaillimhe ar an 9 Márta. Tá an sprioc do na hiarratais ag teannadh linn, agus níor mhór iontrálacha a sheoladh chuig cornuicc23@gmail.com roimh an 1 Márta.

Socrúchán Oibre, Eanáir go Aibreán 2024.

Do na Fostóirí amuigh ansin - tá muid ag lorg deiseanna Socrúchán Oibre do mhic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe atá i mbun staidéir ar an BA Comhonóracha le Gaeilge. Is cúrsa cheithre bliana í an chéim agus caitheann na mic léinn seimeastar ar Shocrúchán Oibre sa tríú bliain.
Má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil faoi seo déan teagmháil le Máire-Áine Uí Ailín, Oifigeach Socrúcháin ag maireaine.uiailin@ollscoilnagaillimhe.ie.

Léann Teanga: An Reiviú 2022

Sheol an tOllamh Máirín Nic Eoin an deichiú heagrán den iris acadúil phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú, curtha in eagar ag mic léinn an MA (Léann Teanga). Faigheann An Reiviú maoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge.

Tá na heagrán eile den iris phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú ar fáil ar líne anois.
Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga. Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo a leanas: an t-aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, teagasc teangacha, pleanáil teanga, dúchas agus cúrsaí cumarsáide.  Foilseofar ann freisin léirmheasanna ar nuafhoilseacháin a bhaineann leis na réimsí léinn thuas.
Tuilleadh eolais ar fáil ó: reiviuleannteanga@oegaillimh.ie

An Seimeastar Gaeltachta sa nuachtlitir Ar Chuala Tú?
Bhí alt faoin Seimeastar Gaeltachta i gCarna le fáil ar nuachtlitir mí na Samhna Pleanáil Teanga Chonamara Láir. Is féidir é a léamh anseo - Nuachtlitir Chonamara Láir.

An fadscannán Foscadh le Seán Breathnach
Roghnaigh IFTA an fadscannán Gaeilge Foscadhan chéad scannán ón stiúrthóir Seán Breathnach, Feidhmeannach Cumarsáide Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i 2022. Is scéal faoi dhuine soineanta tuaithe a chailleann a threo sa saol tar éis bhás a mhuintire atá ann. Comhghairdeas le Seán agus leis an gcriú ar fad.

Bhuaigh Seán an Gradam don Chéad Fhadscannán Éireannach ab fhearr don fadscannán Foscadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2021. Bhí Seán i measc an chúigir a bhí ainmnithe don ghradam Bingham Ray New Talent.
 

Iriseoireacht na Gaeilge: Cá bhfaigheann pobal na Gaeilge a soláthar nuachta?
Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge
Tuairisc faoin taighde a rinne Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh i gcomhar leis an togra taighde Fios Físe le comhailre ón áisíneacht taighde Red C. Tuairimí agus dearcthaí lucht labhartha agus lucht féachana na Gaeilge faoin soláthar nuachta agus cúrsaí reatha atá ar fáil dóibh, le fócas ar leith ar sheirbhís TG4.  Is comhfhiontar í an obair seo idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus TG4, i gcomhar leis an áisíneacht taighde, Red C. Is iad TG4 a rinne an taighde seo a choimisiúnú, thug siad comhairle dúinn faoi eilimintí éagsúla de sholáthar nuachta TG4, agus bhí ionchur acu i ndearadh na gceisteanna do shuirbhé Fios Físe agus an suirbhé oscailte. Tá an taighde coimisiúnaithe ag TG4 le tacaíocht ón Údarás Craolachán na hÉireann

Chun cóip den tuarascáil a léamh Tuarascáil Cúrsaí Reatha TG4 2021

Ag cur oiliúint ar na Múinteoirí, Ag mealladh na bhFoghlaimeoirí

Maoinithe ag an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama, is é aidhm thionscadal LILAC cuidiú le múinteoirí agus le foghlaimeoirí teanga tairbhe a bhaint as na dúshláin dhigiteacha atá os a gcomhair agus an cumas digiteach is gá chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí na ríomhfhoghlama a shealbhú 

 

Gach Céadaoin
Bíonn an clár Caoi Cainte le mic léinn Cumarsáide an Acadaimh le cloisteáil ar Flirt FM idir 1:00 - 2:00 i.n. Is féidir éisteacht siar leis na cláir atá déanta roimhe seo ar an nasc seo - www.mixcloud.com/caoicainte/