Iarratas a dhéanamh chuig OÉ Gaillimh

Is cuma cé thú féin, nó cén cúrsa nó clár a bhfuil spéis agat ann, inseoimid duit céard is gá duit a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh.

Iarratas ar chúrsaí Dioplóma an Acadaimh

Chun iarratas a dhéanamh ar cheann de na cúrsaí Dioplóma atá againn, is féidir leat foirm iarratais ar líne agus eolas cuí eile faoi conas iarratas a dhéanamh a fháil ar an leathanach eolais cuí don Dioplóma a bhfuil spéis agat ann. Tá liosta de na Dioplómaí atá á dtairiscint againn ar fáil ag an nasc thíos.

http://www.acadamh.ie/acadamh/cursai/cursai_dioploma/

If you wish to apply for one of our Diploma courses, you will find an online application form and other relevant details on the information page of the specific Diploma course you are interested in at the link above.

Fochéimithe

Iarratais ó fochéimithe in Éirinn, An Ríocht Aontaithe agus AE


Chun teacht ar na sonraí uile a bhaineann le nósanna imeachta iontrála fochéime agus riachtanais iontrála téigh chuig leathanach gréasáin na hOifige Iontrála Fochéime.

Cén tslí is féidir iarratas a dhéanamh ar chúrsa fochéime?
Cá seolfaidh mé m’iarratas ar pháipéar?

Féadfaidh tú d’iarratas ar pháipéar a sheoladh chuig an seoladh poist seo a leanas:

An Lár-Oifig Iarratas
Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh
T: +353 91 509800
R: www.cao.ie

Dátaí tábhachtacha a bhaineann leis an CAO:

Tá trí spriocdháta i gceist d’iarratais:

  • Gnáthiarratas: 1 Feabhra.
  • Iarratais dheireanacha: 1 Bealtaine ( féidir le daoine atá ag déanamh iarratas mar Mhac Léinn Lánfhásta nó atá ag déanamh iarratas ar Leigheas iarratas deireanach a dhéanamh).
  • Athrú intinne: 1 Iúil.

Má tá tú ag déanamh iarratas neamhchaighdeánach (iontráil ar leathanach a trí den fhoirm iarratais), ba cheart duit é a sheoladh chuig an Oifig CAO faoin 1 Feabhra.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Oifig Iontrála Fochéime.

Tuilleadh eolais faoi Scoláireachtaí Iontrála Fochéime: www.nuigalway.ie/admissions/scholarships/index.html

Léigh leat anseo

Iarchéimithe

Iarratais iarchéime
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/
 
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúrsaí iarchéime ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/

Riachtanais iontrála

Baineann riachtanais iontrála éagsúla do gach clár. Breathnaigh ar leathanaigh ghréasáin na gclár ar leith chun teacht ar na riachtanais shonracha.

Táille iarratais

Baineann táille próiseála €35 le hiarratas a dhéanamh agus ní féidir an táille sin a fháil ar ais.

Iarratais nach n-éiríonn leo

Mura n-éiríonn le d’iarratas, féadfaidh tú fáil amach cén chúis atá leis sin ó Stiúrthóir an Chláir nó ó Oifig an Choláiste.


Tuilleadh eolais

Iarratais idirnáisiúnta agus lánfhásta

 

Iarratais idirnáisiúnta >
Iarratais ó mhic léinn lánfhásta>


Mic léinn iarchéime idirnáisiúnta

Cúrsaí iarchéime múinte
Féadfaidh tú d’iarratas a dhéanamh tríd an gcóras PAC ar líne.


Iarratais ó mhic léinn lánfhásta

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Cá seolfaidh mé m’iarratas?

Cuir isteach d’iarratas ar líne nó seol sa phost é chuig:

An Lár-Oifig Iarratas
Teach an Túir,
Sráid Eglinton,
Gaillimh
T: +353 91 509800
R: help@cao.ie

Clár ama

Is é an 1 Feabhra gach bliain an spriocdháta d’iarratais ó mhic léinn lánfhásta.

Ceisteanna Coitianta

An féidir liom iarratas deireanach a dhéanamh chuig OÉ Gaillimh tar éis an 1 Feabhra mar iarratasóir lánfhásta?

Ní féidir iarratas a dhéanamh mar iarratasóir lánfhásta tar éis an 1 Feabhra. Ach, is féidir leat iarratas deireanach a dhéanamh bunaithe ar thorthaí Ardteistiméireachta amháin, suas go dtí an 1 Bealtaine.

An féidir leat an fhoirm athraithe intinne a úsáid do chláir OÉ Gaillimh?

Ní bhaineann an rogha athraithe intinne le mic léinn lánfhásta atá ag déanamh iarratas chuig OÉ Gaillimh tríd an CAO. Is é an 1 Feabhra an spriocdháta d’iarratais ó mhic léinn lánfhásta. Nuair a bheidh d’iarratas CAO curtha isteach agat, seolfar ráiteas de do chuid roghanna chugat go luath i mí Feabhra. Is ag an bpointe seo amháin is féidir leat roghanna nua a chur le d’iarratas nó roghanna a scriosadh más mian leat. Nuair a bheith do chuid roghanna curtha isteach agat an athuair, féadfaidh tú ord na roghanna a athrú go dtí go ndéanfar tairiscintí go luath i mí Iúil. Ciallaíonn sé seo gur cheart duit do chéad rogha a chur ar bharr an liosta, ansin an dara rogha agus mar sin de.

Léigh leat anseo

An Clár Rochtana

Tugann an Cúrsa Rochtana an deis do lucht fágála scoile agus do mhic léinn lánfhásta iad féin a ullmhú, go pearsanta agus go hacadúil, do chúrsa fochéime lánaimseartha in OÉ, Gaillimh.

Feilfidh an cúrsa do mhic léinn a bhfuil an-suim acu staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, ach nach bhfuil ar a gcumas sin a dhéanamh de bharr cúinsí airgeadais nó cúinsí sóisialta.  Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil an cumas iontu don ardoideachas ach, ar chúiseanna éagsúla sóisialta agus eacnamaíochta, nach bhfuil ag freastal ar an tríú leibhéal.  Ba chóir go mbeadh mic léinn thar a bheith spreagtha agus spéis acu staidéar ag leibhéal fochéime sa réimse a roghnaíonn siad.  Feilfidh an clár do mhic léinn atá faoi mhíchumas chomh maith, mic léinn a raibh tionchar ag asláithreacht fhadtréimsheach de bharr tinnis ar a gcuid oideachais.

Tá na cúrsaí rochtana oscailte arís d'iarratais - Lucht Fágála Scoile https://tinyurl.com/cursa-rochtana-faoi-22 agus Daoine Fásta https://tinyurl.com/cursa-rochtana-daoine-fasta.

Beidh seisiún eolais ar siúl ar an gcampas ar an 12 Bealtaine, 6.30 - 7.30 i.n.

Tuilleadh eolais

Gearóidín Ní Chonghaile
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
T: +353 91 494618
R: gearoidin.nichonghaile@oegaillimh.ie