Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin)
Forléargas ar an gCúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu - bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Iarratais agus roghnúchán
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/
Is é GYA79 cód an chúrsa.
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse cuí iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Anuas ar na cáilíochtaí thuas, ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn páirtaimseartha in imeacht bliain amháin (30 ECTS) nó in imeacht dhá bhliain (15 ECTS sa bhliain).
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2019
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
1 Meán Fómhair 2019. (Moltar iarratas a dhéanamh a thúisce is féidir d’fhonn áit ar an gcúrsa a dheimhniú.)
Leibhéal NFQ
9
Modh staidéir
Foghlaim chumaisc atá i gceist: meascán de ranganna arlíne agus sé cinn de cheardlanna lae (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Teastas Iarchéime ag leibhéal 9
Cód CAO
Cód
GYA79
Imlíne an chúrsa
Sceideal 2020/2021
Beidh 6 cheardlann ar siúl i gcaitheamh na bliana. Beidh na ceardlanna sin ar siúl ar an Satharn agus seo a leanas na dátaí sealadacha don bhliain 2020/2021:
Seimeastar 1
Ceardlann 1 (26/09/2020)
Ceardlann 2 (24/10/2020)
Ceardlann 3 (14/11/2020)
Scrúduithe (12/12/2020)
Seimeastar 2
Ceardlann 1 (06/02/2021)
Ceardlann 2 (06/03/2021)
Ceardlann 3 (24/04/2021)
Scrúduithe (01/05/2021)
Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann:
- Na cineálacha téacsanna is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí na Gaeilge a aistriú ar chaighdeán ard.
- Úsáid ghrinn a bhaint as na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a bhíonn ag aistritheoirí na Gaeilge - bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc.
- Úsáid bheacht a bhaint as an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch don obair aistriúcháin.
- Beidh dhá mhodúl Fraincis go Gaeilge ar fáil ar bhonn roghnach i measc na modúl aistriúcháin.
Modúil an chúrsa | ECTS | Seimeastar |
---|---|---|
An Caighdeán Oifigiúil | 10 | 1 & 2 |
Aistriúchán Téacsanna 1 | 5 | 1 |
Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta | 5 | 1 |
Aistriúchán Téacsanna 2 | 5 | 2 |
An tAistriúchán Liteartha | 5 | 2 |
Foghlaim chumaisc atá i gceist: meascán de ranganna ar líne agus sé cinn de cheardlanna lae (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.
Táimid buíoch de Memsource as ucht a mbogearra aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce don chlár léinn seo.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an tAontas Eorpach, agus eagraíochtaí stáit.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Tomás Ó Maolalaidh
T: 091 49 2734
nó
Eoin Ó Droighneáin
T: 091 49 3366
Áras na Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
R: aistriuchan@oegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)