MA (Léann an Aistriúcháin)
Forléargas ar an gCúrsa
Tá an cúrsa dhá bhliain seo á chur ar fáil ar bhonn páirtaimseartha ar mhaithe leo siúd ar mian leo sainoiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin. Déanfar scrúdú grinn ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn idir lámha ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith maidir le cúrsaí stíle, téarmaíochta agus eagarthóireachta. Gheobhaidh an mac léinn léargas glinn ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí Gaeilge ár linne leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus cúpla ceardlann ar an gcampas féin) an modh seachadta atá i gceist leis an gcúrsa seo, oirfidh sé go paiteanta do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Iarratais agus roghnúchán
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/
Eolas faoi na teagascóirí
Tomás Ó Maolalaidh
An Dr Áine Nic Niallais
Belinda McHale
Róisín Masson
An Dr Rose Ní Dhubhda
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Ní mór d’iarrthóirí bunchéim Dara hOnóracha ag Leibhéal 8 ar a laghad a bheith acu i réimse gaolmhar.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
2 Bhliain
Dáta tosaithe
Fómhar 2026
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
Dámhachtain
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
Déantar na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge ar an gcúrsa seo. Ina theannta sin, cuirtear príomh-mhíreanna gramadaí na Gaeilge i láthair na mac léinn ó thús go deireadh.
Ó tharla go bhfuil deiseanna den scoth anois in Éirinn agus san Eoraip dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aistriúcháin nó teanga acu, tá an cúrsa iarchéime seo ina cháilíocht an-phraiticiúil dóibh siúd ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla. Chuige sin, dírítear ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta is riachtanaí lena linn chun scileanna aistriúcháin a shealbhú.
Sonraí an Chúrsa
Tá ceithre sheimeastar teagaisc in imeacht dhá bhliain (Meán Fómhair go Nollaig agus Eanáir go hAibreán) i gceist i gclár na modúl múinte. Díríonn na mic léinn ar thráchtas taighde 20,000 focal a scríobh i mbliain 2 den chlár. Tá léargas ar chlár an chúrsa sa bhosca thíos, cé gur féidir an clár a léasú ó bhliain acadúil go chéile:
Modúl Bliain agus seimeastar ECTS
- LT6101 An Caighdeán Oifigiúil Bliain 1 (Seimeastar 1 agus 2) 10
- LT101 Cruinnscríobh na Gaeilge 1 Bliain 1 (Seimeastar 1 agus 2) 10
- LT6105 Aistriúchán Téacsanna 1 Bliain 1 (Seimeastar 1) 5
- LT6109 Aistriúchán Téacsanna 2 Bliain 1 (Seimeastar 2) 5
- LN6111 Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge Bliain 2 (Seimeastar 1 agus 2) 10
- CU103 Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde Bliain 2 (Seimeastar 1) 5
- LN6110 Eagarthóireacht agus Léamh Profaí Bliain 2 (Seimeastar 1) 5
- LT6102 Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais Bliain 2 (Seimeastar 2) 5
- LN6109 Aistriúchán Téacsanna Eorpacha Bliain 2 (Seimeastar 2) 5
- LT121 An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha Bliain 2 30
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Ullmhóidh an cúrsa seo céimithe do ghairm an aistriúcháin, rud a chabhróidh leo fostaíocht a fháil i réimsí éagsúla a bhaineann leis an aistriúchán go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá an cúrsa á theagasc ag teagascóirí atá ag obair sa réimse le blianta fada agus a bhfuil saineolas acu ar ghnéithe difriúla den aistriúchán.
Ar na deiseanna fostaíochta tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, comhlachtaí stáit, cuideachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, obair foclóireachta agus údaráis áitiúla. Tá go leor deiseanna ann mar shaoraistritheoirí dóibh siúd ar mian leo níos mó neamhspleáchais a bheith acu.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Níl aon socrúchán oibre i gceist don bhliain acadúil 2026/27.
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Tuilleadh Eolais
Tomás Ó Maolalaidh, Comhordaitheoir an Chláir
F: +353 91 492 734
R: aistriu@ollscoilnagaillimhe.ie
Leagan Béarla anseo: https://www.universityofgalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/leann-aistriuchain-ma.html