Tá an tAcadamh páirteach i dtionscadail éagsúla atá ag teacht le misean agus le fís na heagraíochta.

Eascraíonn na tionscadail seo ón ról speisialta atá ag na hIonaid Ghaeltachta, ónar gcúrsaí acadúla, agus ón gcaidreamh atá againn leis an bpobal agus lenár gcomhpháirtithe seachtracha. Tá obair na dtionscadal seo fréamhaithe i réimsí saineolais an Acadaimh – léann na teanga, cumarsáid agus teicneolaíocht, agus an cultúr dúchais. Cuidíonn aschuir na dtionscadal seo le barr feabhais a chur le heispéireas ár mac léinn, tacaíonn siad leis an bpobal teanga, agus spreagann siad an pobal trí chéile le blaiseadh níos doimhne a fháil ar oidhreacht agus ar chultúr na teanga. Tugtar léargas thall ar chuid de na tionscadail seo.‌