Is rannóg de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Chomh maith le láithreacht a bheith ag an Acadamh in Áras na Gaeilge, ar champas na hOllscoile, tá Ionaid de chuid an Acadaimh i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá níos mó eolais faoi Ionaid an Acadaimh thíos.