Pointí Iontrála (2022)
443

Forléargas ar an gCúrsa

Is céim í seo atá dírithe go sonrach ar jabanna i réimse na scileanna teanga. Tá deiseanna den scoth anois in Éirinn agus san Eoraip dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aistriúcháin/teanga acu – go deimhin, tá ganntanas aistritheoirí cáilithe ann chun na poist ar fad a líonadh. Ar an gcúrsa céime an-phraiticiúil seo dírítear ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta atá riachtanach chun bheith i d’aistritheoir gairmiúil.  Anuas ar Léann an Aistriúcháin, tá Gaeilge nó Fraincis ar fáil duit mar dhara hábhar agus deis barr feabhais a bhaint amach i gceann den dá ábhar teanga sin don chéim i.e. BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) nó BA (Fraincis agus Léann an Aistriúcháin).

Iarratais agus roghnúchán

Eolas faoi na teagascóirí

Áine Nic Niallais PhD
Dorothy Ní Uigín PhD
Séamus Ó Coileáin MPhil
Tomás Ó Maolalaidh MA
Rose Ní Dhubhda PhD
Kate Uí Chíobháin MA

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Riachtanais Iontrála Ardteistiméireachta
Ní mór Grád H3, ar a laghad, a bheith ag iarrthóirí sa Ghaeilge agus Grád H5 in ábhar éigin eile mar aon le Grád H6, ar a laghad, i gceithre ábhar eile, Béarla agus teanga eile san áireamh.

Riachtanais Iontrála A-Leibhéil/GCSE
Féach ar leathanach www.oegaillimh.ie chun eolas a fháil faoi riachtanais iontrála an mháithreánaigh.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

4 bliana

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil (2022)

BCC (A-Leibhéal) nó a gcomhionann

Líon na mac léinn

15

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

Dámhachtain

Cód CAO

GY136

Cód

Imlíne an chúrsa

Is iad seo na modúil éagsúla atá ar fáil sna ceithre bliana den chéim. (Níl modúil an tríú hábhar atá le roghnú sa chéad bhliain san áireamh anseo.) Déantar na modúil Fraincise a theagasc trí Fhraincis ach amháin na modúil a bhfuil réiltín (*) leo – trí Ghaeilge a dhéantar na modúil sin a theagasc.

Bliain a hAon 

Léann an Aistriúcháin
• Gnéithe den Aistriúchán
• Bunscileanna Gramadaí 
• Bunscileanna Aistriúcháin 

Gaeilge 
• Litríocht agus Cultúr na Linne 
• An Teanga Bheo 
• Scéal agus Pobal na Gaeilge 

Fraincis 
• Buneolas ar Chultúr & Teanga na Fraince* 
• Buneolas ar Litríocht na Fraincise i gComhthéacs

 

Bliain a Dó 

Léann an Aistriúcháin 
• Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 1 
• Stair an Aistriúcháin in Éirinn 
• Gramadach agus Litriú na Gaeilge 1 
• Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 2 
• Téarmeolaíocht 
• Cruinneas agus Saibhriú Teanga 

Gaeilge
• Teanga na Nua-Ghaeilge I 
• An tSochtheangeolaíocht 
• An Gearrscéal sa Ghaeilge 
• Teanga na Nua-Ghaeilge II 
• Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge
• Modúl roghnach (rogha ar fáil) 

Fraincis
• Cruinneas na Fraincise 5* 
• Litríocht do Pháistí sa Fhraincis
• Buneolas ar Anailís Théacsúil Fraincise 
• An Amhránaíocht i Saol na Fraince agus na Fraincise 
• Seánraí Litríochta na Fraincise (Úrscéal, Filíocht, Drámaíocht – ón 17ú go dtí an 19ú céad) 
• Litríochtaí na Fraincise 
• Dírbheathaisnéis – Cuir Chuige Chomhaimseartha 
• An Fhrainc ar an Stáitse agus ar an Scáileán

 

Bliain a Trí

•   BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin): Socrúchán oibre (Meán Fómhair go hAibreán)
•   BA (Fraincis agus Léann an Aistriúcháin): Socrúchán oibre NÓ bliain staidéir thar lear (Erasmus) NÓ meascán den dá rud

 

Bliain a Ceathair 

Léann an Aistriúcháin 
• Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 3 
• Gramadach agus Litriú na Gaeilge 2 
• Eagarthóireacht agus Léamh Profaí 
• Tionscadal 
• Gnó an Aistriúcháin/Fotheidealú 

Gaeilge
• Teanga na Nua-Ghaeilge I 
• An tSochtheangeolaíocht 
• An Gearrscéal sa Ghaeilge 
• Teanga na Nua-Ghaeilge II 
• Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge
• Modúl roghnach (rogha ar fáil) 

Fraincis
• Cruinneas na Fraincise 6* 
• Stair na Fraince a Léamh mar Litríocht 
• Na Meáin agus Seirbhísí Faisnéise na Fraince 
• Litríocht Fraincise do Dhaoine Fásta Óga
• Scannánaíocht na Fraince 
• Cumhacht Íomhánna na Fraince 
• Teanga agus Féiniúlacht i Saol na Fraincise 
• Teanga agus Féiniúlacht sa Mheánaois sa Fhrainc 
• Spórt agus Féiniúlacht na Fraince 
• Seánraí Litríochta na Fraincise (Úrscéal, Filíocht, Drámaíocht – an 20ú céad) 
• Inscne agus Féiniúlacht i Litríocht na Fraincise


Baintear úsáid as teicneolaíocht Wordfast ar chúrsaí aistriúcháin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le caoinchead Wordfast LLC agus Yves Champollion.

Our curriculum includes a practice of Wordfast translation tools, courtesy of Wordfast LLC and Yves Champollion.

Breisoideachas

• MA (Léann Teanga) 

• MA (Ateangaireacht Chomhdhála) 

• MA in Advanced Languages and Global Literatures/Ardscileanna Teanga agus Litríochtaí na Cruinne 

• MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Éiríonn lenár gcéimithe poist a fháil i réimsí éagsúla ina bhfuil tábhacht le scileanna teanga. Tá ceangal láidir againn le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá scata dár gcéimithe ag obair sna heagraíochtaí sin anois chomh maith le heagraíochtaí san earnáil stáit in Éirinn. Céimithe eile dár gcuid, tá na scileanna a shealbhaigh siad ar an gcéim seo á n-úsáid acu anois i bpoist i réimsí na cumarsáide agus an oideachais.

Pointe Eolais
Níl cúrsa iomlán bunchéime i Léann an Aistriúcháin le fáil in aon ollscoil eile in Éirinn ach amháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Má roghnaítear Léann an Aistriúcháin agus Gaeilge don chéim, bíonn socrúchán oibre bliana (Meán Fómhair go hAibreán) ar fáil le heagraíocht nó gnólacht atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Ar na heagraíochtaí a bhí i gceist le tamall anuas tá Seirbhís Thithe an Oireachtais, an Taibhdhearc, Gaillimh le Gaeilge, an Coimisiún Eorpach (an Bhruiséil), agus eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht. Má roghnaítear Léann an Aistriúcháin agus Fraincis don chéim, is féidir seimeastar amháin a chaitheamh ar shocrúchán oibre in Éirinn agus seimeastar eile a chaitheamh ag staidéar i dtír ina labhraítear an Fhraincis (Erasmus), nó an bhliain iomlán a chaitheamh le ceann amháin díobh sin.

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€5,822 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Teagasc

€2,598 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Ranníocaíocht an Mhic Léinn

€3,000 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Tobhach na mac léinn

€224 sa bhliain 2022/23

Táillí: Neamh AE

€12,750 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

- Teagasc: féadfaidh Rialtas na hÉireann é seo a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal saortháillí teagaisc - tionscnamh na saortháillí.
- Ranníocaíocht an Mhic Léinn: €3,000 - le híoc ag gach mac léinn ach féadfaidh SUSI é a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal deontas bunaithe ar thástáil mhaoine ó SUSI.
- Tobhach na Mac Léinn:  €224 - caithfidh gach mac léinn an tobhach seo a íoc agus níl sé clúdaithe ag deontas SUSI.

Tuilleadh eolais

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
T: + 353 91 493 802
R: leannteanga@oegaillimh.ie
G: www.ollscoilnagaillimhe.ie/acadamh

Meadbh

Meadbh Damery |   BA (Gaeilge & Léann an Aistriúcháin)

Mholfainn an cúrsa seo d’aon duine le spéis i struchtúr agus saibhreas na Gaeilge. Is cúrsa iontach é do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge chun úsáid ina saol oibre agus pearsanta. Cúrsa beag atá ann a chiallaíonn go mbíonn dlúthchaidreamh agat leis na léachtóirí agus iad siúd sa rang. An rud is mó a thaitníonn liom faoin gcúrsa go bhfuil meascán de mhuintir na Gaeltachta agus na Galltachta sa rang. Treisíonn an chaint dhúchasach nádúrtha idir mo chuid comhghleacaithe mo chumas cainte agus dá thoradh sin, mo chumas aistriúcháin.