BA (Cumarsáid & Gaeilge)
Forléargas ar an gCúrsa
Céim bheoga sna meáin agus sa Ghaeilge is ea an BA (Cumarsáid & Gaeilge), a bhíonn á teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar champas na Gaillimhe, agus a mhaireann ar feadh ceithre bliana. Tá meascán tomhaiste inti den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht agus sna hilmheáin, chomh maith le staidéar ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge. Céim chruthaitheach dhá ábhar onóracha atá inti, agus tá sí á tairiscint ag an Acadamh i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh. Treisíonn an cur chuige seo gnéithe d’oidhreacht liteartha, chultúrtha agus teanga na Gaeilge, agus tugann sé deis duit cáilíocht mhúinteoireachta sa Ghaeilge a bhaint amach ina dhiaidh.
Sa tríú bliain beidh deis agat taithí oibre a fháil in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair agus taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse.
Beidh deis agat cur le do chumas sa Ghaeilge agus tuiscint níos doimhne a fháil ar shaíocht na Gaeltachta agus tú ar Sheimeastar Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara.
An raibh a fhios agat?
Chomh maith leis an gcéim ainmnithe seo, is féidir staidéar a dhéanamh ar na meáin trí Ghaeilge mar chuid den chéim GY101 BA (Comhonóracha). Eolas ar fáil anseo: http://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_ceime/leann_cumarsaide/
Má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide mar ábhar ar GY101 BA (Comhonóracha), beidh deis agat athrú sa dara bliain go dtí an chéim ainmnithe, GY122 BA (Cumarsáid agus Gaeilge) ag brath ar do chuid torthaí sa Chéad Bhliain. An buntáiste a bhaineann leis seo ná go mbeidh deis ansin agat tairbhe a bhaint as an taithí oibre luachmhar sa tríú bliain den chéim ainmnithe GY122.
LEAGAN BÉARLA ANSEO/ENGLISH VERSION HERE
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Íosghráid A-Leibhéil: CCC (A-Leibhéal) nó a gcomhionann; Grád C sa Ghaeilge A-Leibhéal
Riachtanais Iontrála Ardteistiméireachta: Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil caighdeán H5 san Ardteistiméireacht bainte amach acu sa Ghaeilge agus a shásaíonn riachtanais iontrála ghinearálta na hOllscoile.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Cúrsa lánaimseartha in imeacht ceithre bliana
Dáta tosaithe
Meán Fómhair gach bliain
Gráid A-leibhéil (2019)
Líon na mac léinn
25
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
8
Modh staidéir
Meáchan ECTS
Dámhachtain
BA
Cód CAO
GY122
Cód
Imlíne an chúrsa
|
|
|
Lámhleabhar Cumarsáide 2020-21 |
Bliain a hAon
Scéalaíocht Dhigiteach
Machnamh Criticiúil agus Láithreoireacht
Litríocht agus Cultúr na Gaeilge
Bunús na hIriseoireachta
Na Meáin agus an tSochaí
Teanga na Cumarsáide
Bliain a Dó
Dearadh Físe
Craoltóireacht
Anailís na Meán
Teanga na Cumarsáide
Litríocht na Gaeilge 1200-1900
An Nualitríocht
Teicneolaíochtaí na Meán
Dlí, Eiticí agus an Córas Poiblí
An Gné-Alt
Teanga agus Pobal
Bliain a Trí (Seimeastar Gaeltachta & Socrúchán Oibre)
An Ghaeilge don Scáileán
Teanga na Cumarsáide
Inniúlachtaí Gairme
Tionscadal Cumarsáide Gaeltachta
Socrúchán Oibre
Bliain a Ceathair
Geilleagar na Meán
Dúshláin na Meán Sóisialta
Scriptscríobh
Teanga na Cumarsáide
Teanga agus Pobal
Iriseoireacht Fheidhmeach
Tionscadal Deireadh Céime
Litríocht na Gaeilge 1200-1900
Litríocht na Gaeilge
Seimeastar Gaeltachta & Socrúchán Oibre
Beidh an chéad seimeastar den tríú bliain ar siúl in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Beidh deis agat ansin barr feabhais a chur ar labhairt na teanga, agus tuiscint a fháil ar oidhreacht agus ar dhúchas na Gaeltachta. Sa dara seimeastar beidh deis agat taithí oibre a fháil in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair agus taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse. Gheobhaidh tú tuiscint ar leith ar shaol na meán comhaimseartha san intéirneacht sin, déanfaidh tú teagmhálacha luachmhara, agus gheobhaidh tú scileanna praiticiúla ar an láthair oibre a sheasfaidh leat agus tú sa tóir ar phost amach anseo. Más maith leat na deiseanna a bhaineann le socrúchán oibre thar sáile nó clár Erasmus a fhiosrú, beimid lánsásta comhairle a chur ort ina dtaobh.
Bliain a hAon
Sa chéad bhliain faigheann tú tuiscint ar an léiriú físe agus fuaime trí ghearrfhíseáin a thaifeadadh ar an bhfón cliste, eagarthóireacht a dhéanamh orthu, agus gnéithe den chraoltóireacht raidió a chleachtadh. Foghlaimíonn tú bunphrionsabail na hiriseoireachta, tugtar cúnamh duit féith na cruthaitheachta a fhorbairt ar bhealaí éagsúla, agus scrúdaíonn tú cuid de na teicneolaíochtaí úra cumarsáide. Forbraíonn tú do chumas anailíse agus machnaimh agus an litearthacht chriticiúil trí staidéar a dhéanamh ar théacsanna ábhartha, forbraíonn tú do chuid scileanna cur i láthair trí pháirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí bríomhara, agus cuireann tú go mór le do chumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.
Faoi mar a tharlaíonn i gcláir léinn eile sna Dána, sa chéad bhliain déanann tú staidéar ar thrí ábhar léinn. Chomh maith le Cumarsáid agus Gaeilge, mar sin, roghnóidh tú ábhar amháin eile as na cinn seo a leanas: Léann an Aistriúcháin, Fraincis, Béarla, Stair, Matamaitic, Léann an Dlí, Síceolaíocht, an tSibhialtacht Cheilteach, Eacnamaíocht, Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta, Teicneolaíocht na Faisnéise, an Bhreatnais, Spáinnis, Seandálaíocht. Moltar duit Léann an Aistriúcháin a roghnú chun cur le do chumas teanga.
Bliain a Dó
Sa dara bliain cuireann tú le do chuid scileanna san iriseoireacht chraolta agus scríofa, scrúdaíonn tú tionchar na meán mar uirlisí múnlaithe meoin, agus déanann tú iniúchadh ar stair na meán Gaeilge. Scrúdaíonn tú gnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge sa tréimhse 1200-1900 agus gnéithe den nualitríocht, agus leagtar béim ar shealbhú na teanga mar theanga bheo labhartha. Cuireann tú leis an tuiscint atá agat ar an íomhá shocair agus ar an íomhá ghluaisteach, ar 'ghramadach na seatanna' agus ar 'ghramadach na heagarthóireachta', agus forbraíonn tú do chuid scileanna i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus sa chraoltóireacht i gcoitinne.
Bliain a Trí
Buntáiste mór a bhaineann leis an gcúrsa is ea an deis a fhaigheann tú sa tríú bliain taithí luachmhar a fháil mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse. Gheobhaidh tú tuiscint ar leith ar shaol na meán comhaimseartha san intéirneacht sin, déanfaidh tú teagmhálacha luachmhara, agus gheobhaidh tú scileanna praiticiúla ar an láthair oibre a sheasfaidh leat agus tú sa tóir ar phost amach anseo. Chomh maith leis sin caithfidh tú seimeastar iomlán i mbun staidéir in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Beidh deis agat ansin barr feabhais a chur ar labhairt na teanga, agus tuiscint a fháil ar oidhreacht agus ar dhúchas na Gaeltachta.
Bliain a Ceathair
Sa bhliain dheiridh leanfaidh tú den staidéar ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, agus déanfaidh tú iniúchadh ar chuid de na dúshláin a bheireann na meáin shóisialta do na meáin thraidisiúnta. Gheobhaidh tú oiliúint phraiticiúil ar nuatheicneolaíochtaí cumarsáide a bhaineann leis na meáin, déanfaidh tú staidéar ar ghnéithe éagsúla de na meáin, an iriseoireacht san áireamh, agus cuirfidh tú mórthionscadal deiridh céime i gcrích.
An Chéad Bhliain - Seán Breathnach
An Tríu Bliain - Nórita Ní Chartúir
An Ceathrú Bliain - Dan Dwyer
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Subject
- Some courses allow you to choose subjects, where related modules are grouped together. Subjects have their own required number of credits, so you must take all that subject's required modules and may also need to obtain the remainder of the subject's total credits by choosing from its available optional modules.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Required Core Subject
- A subject you must study because it's integral to that course.
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year, so a three-year course will have six semesters in total. For clarity, this page will refer to the first semester of year 2 as 'Semester 3'.
Year 1 (60 Credits)
Optional Subject: Archaeology (20 Credits):
Required AR113: Prehistoric Ireland & Europe - 5 Credits - Semester 1
Required AR1102: Recording Monuments in the Landscape - 5 Credits - Semester 2
Required AR1104: Material Culture and Museums - 5 Credits - Semester 1
Required AR1105: Medieval Ireland and Europe - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Celtic Civilisation (20 Credits):
Required SG111: Early & Medieval History of the Celts - 5 Credits - Semester 1
Required SG1101: Medieval Celtic Literature B - 5 Credits - Semester 1
Required SG1100: Medieval Celtic Literature A - 5 Credits - Semester 1
Required SG116: Celtic Mythology, Religion & Folklore - 5 Credits - Semester 2

Required CG1101: Machnamh Criticiúil agus Láithreoireacht - 5 Credits - Semester 1
Required CG1100: Scéalaíocht Dhigiteach - 5 Credits - Semester 1
Required CG1105: Bunús na hIriseoireachta - 5 Credits - Semester 1
Required CG1104: Na Meáin agus an tSochaí - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Economics (20 Credits):
Required EC135: Principles of Microeconomics - 5 Credits - Semester 1
Required EC1100: Skills for Economics - 5 Credits - Semester 1
Required EC136: Principles of Macroeconomics - 5 Credits - Semester 2
Required EC137: Economics Coursework - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: English (20 Credits):
Required ENSK1100: Exploring English - 5 Credits - Semester 1
Required EN1101: Literature and the Social World - 5 Credits - Semester 1
Required EN124: Introduction to English 1 - 5 Credits - Semester 1
Required EN125: Introduction to English 2 - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: French (20 Credits):
Required FR1100: Introduction to French Language and Culture - 15 Credits - Semester 1
Required FR1101: Introduction to French Literature in Context - 5 Credits - Semester 2

Required NG1107: Scéal agus Pobal na Gaeilge - 5 Credits - Semester 1
Required NG1105: An Teanga Bheo - 10 Credits - Semester 1
Required NG1106: Litríocht agus Cultúr na Linne - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: History (20 Credits):
Required HISK1101: Skills for Historians (1) - 5 Credits - Semester 1
Required HI1103: Europe and Ireland 1789 - 1918 - 5 Credits - Semester 1
Required HISK1102: Skills for Historians (2) - 5 Credits - Semester 2
Required HI1104: Europe: From Medieval to Modern - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Information Technology (20 Credits):
Required CT1100: Computer Systems - 5 Credits - Semester 1
Required CT1120: Algorithms - 5 Credits - Semester 1
Required CT1101: Programming I - 5 Credits - Semester 1
Required CT1102: Programming II - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Law (20 Credits):
Required LW103.I: Irish Legal Systems - 5 Credits - Semester 1
Required LW3109: Tort Law - 10 Credits - Semester 1
Required LW126: Legal Skills - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Léann an Aistriúcháin (20 Credits):
Required LN103: Gnéithe den Aistriúchán - 5 Credits - Semester 1
Required LN105: Bunscileanna Aistriúcháin - 5 Credits - Semester 1
Required LN1103: Bunscileanna Gramadaí - 10 Credits - Semester 1
Optional Subject: Mathematics (20 Credits):
Optional MA131: Mathematical Skills - 5 Credits - Semester 1
Optional MA132: Scileanna Matamaiticiúla - 5 Credits - Semester 1
Optional MA134: Anailís agus Algéabar 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional MA185: Analysis and Algebra 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional MA133: Analysis and Algebra 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional MA136: Anailís agus Algéabar 2 - 5 Credits - Semester 2
Optional MA135: Analysis and Algebra 2 - 5 Credits - Semester 2
Optional MA187: Mathematical Skills - 5 Credits - Semester 2
Optional MA186: Analysis and Algebra 2 - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Psychology (20 Credits):
Required PS1103: Introduction to Research Methods and Practical Skills in Psychology - 10 Credits - Semester 1
Required PS122: Introductory Psychology 1 - 5 Credits - Semester 1
Required PS124: Introductory Psychology 2 - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Sociological & Political Studies (20 Credits):
Required SP1118: Practising Sociology and Politics 1 - 5 Credits - Semester 1
Required SP158: Introduction to Politics & Sociology - 5 Credits - Semester 1
Required SP1119: Practising Sociology and Politics 2 - 5 Credits - Semester 2
Required SP159: Concepts and Practices of Politics & Sociology - 5 Credits - Semester 2
Optional Subject: Spanish (Advanced) (20 Credits):
Required SH1102: Mundo hispano: An Introduction to the Hispanic World - 5 Credits - Semester 1
Required SH1101: Intermediate Spanish Language and Culture - 15 Credits - Semester 1
Optional Subject: Spanish (Beginners) (20 Credits):
Required SH1100: Intensive Beginners Spanish Language and Culture - 15 Credits - Semester 1
Required SH1102: Mundo hispano: An Introduction to the Hispanic World - 5 Credits - Semester 1
Year 2 (60 Credits)

Required CG2100: Anailís na Meán - 5 Credits - Semester 3
Required CG2101: Craoltóireacht - 5 Credits - Semester 3
Required CG2103: Teicneolaíochtaí na Meán - 5 Credits - Semester 3
Required GA117: Dlí, Eiticí agus an Córas Poiblí - 5 Credits - Semester 3
Required CG2102: Dearadh Físe - 5 Credits - Semester 4
Required GA210: An Gné-Alt - 5 Credits - Semester 4

Required NG2101: An Gearrscéal sa Ghaeilge - 5 Credits - Semester 3
Required NG227: Teanga Na Nua-Ghaeilge I - 5 Credits - Semester 3
Required NG2100: An tSochtheangeolaíocht - 5 Credits - Semester 3
Optional NG2103: Teanga na Sean-Ghaeilge I - 5 Credits - Semester 4
Optional NG2104: Na Meáin Chumarsáide agus an Ghaeilge - 5 Credits - Semester 4
Optional NG2105: Amhránaíocht na Gaeilge - 5 Credits - Semester 4
Optional NG2108: Canúint agus Caighdeán - 5 Credits - Semester 4
Optional NG2102: Scannánaíocht na Gaeilge - 5 Credits - Semester 4
Optional NG2107: Ainmneacha, Sloinnte agus Logainmneacha na hÉireann - 5 Credits - Semester 4
Required NG2109: Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge - 5 Credits - Semester 4
Required NG228: Teanga Na Nua-Ghaeilge II - 5 Credits - Semester 4
Year 3 (60 Credits)
Required GA162: An Ghaeilge don Scáileán - 5 Credits - Semester 5Required GA209: Inniúlachtaí Gairme - 5 Credits - Semester 5
Required CG3102: Teanga na Cumarsáide 4 - 10 Credits - Semester 5
Required CG3101: An Tionscadal Cumarsáide Gaeltachta - 10 Credits - Semester 5
Required CG3103: Socrúchán Oibre - 30 Credits - Semester 6
Year 4 (60 Credits)

Required GA402: Iriseoireacht Fheidhmeach - 5 Credits - Semester 7
Required GA413: Geilleagar na Meán - 5 Credits - Semester 7
Required CG4102: Lucht Féachana na Meán - 5 Credits - Semester 7
Required CG2104: Scriptscríobh - 5 Credits - Semester 8
Required CG4101: Dúshláin na Meán Sóisialta - 5 Credits - Semester 8
Required CG4103: Tionscadal Deireadh Céime - 5 Credits - Semester 8

Optional NG4102: Miontráchtas Taighde i Léann na Gaeilge - 5 Credits - Semester 7
Optional NG4104: Cineál agus Ceart na Gaeilge - 5 Credits - Semester 7
Optional NG4107: Teanga na Sean-Ghaeilge II - 5 Credits - Semester 7
Optional NG4110: An Ghaeilge agus na Meáin Chumarsáide - 5 Credits - Semester 7
Optional NG4112: Scríbhneoirí Thír Chonaill - 5 Credits - Semester 7
Optional WE111: Introduction to Welsh Language I - 5 Credits - Semester 7
Required NG4101: Filí agus Filíocht na Gaeilge, 700-1900 - 5 Credits - Semester 7
Required NG4113: Teanga Na Nua-Ghaeilge 111 - 5 Credits - Semester 7
Required NG325: Teanga Na Nua-Ghaeilge IV - 5 Credits - Semester 8
Required NG4109: Próslitríocht na Gaeilge - 5 Credits - Semester 8
Required NG4105: An Béaloideas - An Scéalaíocht - 5 Credits - Semester 8
Required NG4114: Teanga Na Nua-Ghaeilge IV - 5 Credits - Semester 8
Breisoideachas
MA/Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
Cód PAC: GYA97 (lánaimseartha), GYA98 (páirtaimseartha)
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar 'chleachtóir machnamhach' sa mhórchraoltóir náisiúnta.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Agus do chéim bainte amach agat beidh tú oilte sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht, san iriseoireacht chlóite agus ar líne, sna hilmheáin agus i dteicneolaíochtaí digiteacha éagsúla. Beidh tú inniúil ar struchtúr an scéil agus ar theanga na físe; beidh tú in ann anailís a dhéanamh ar ról na meán sa tsochaí chomhaimseartha; agus beidh tuiscint ghrinn agat ar shaol agus ar chultúr na teanga mar theanga bheo sa lá atá inniu ann. Is é taithí chéimithe an chláir ná gur buntáiste suntasach dóibh é a líofacht Ghaeilge agus iad sa tóir ar fhostaíocht i margadh fíoriomaíoch na meán, margadh na teilifíse agus an raidió ach go háirithe. Ar na fostóirí sa bhaile agus i gcéin a fhostaíonn céimithe an chláir tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha agus comhlachtaí caidrimh phoiblí. Is bunús láidir é céim sna meáin agus sa Ghaeilge i ngairmeacha eile: sa pholaitíocht, sa ghnó, sa bhainistíocht, san earnáil neamhbhrabúis (eagraíochtaí neamhrialtasacha agus catharthanachta), agus san earnáil phoiblí.
Pointe Eolais
Sa bhliain 2016, d'éirigh le mic léinn an BA (Cumarsáid) gradam Smedia a bhaint amach sa rannóg Iriseoireacht trí Ghaeilge don Raidió.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Beidh an chéad seimeastar den tríú bliain ar siúl in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Beidh deis agat ansin barr feabhais a chur ar labhairt na teanga, agus tuiscint a fháil ar oidhreacht agus ar dhúchas na Gaeltachta. Sa dara seimeastar beidh deis agat taithí oibre a fháil in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair agus taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse. Gheobhaidh tú tuiscint ar leith ar shaol na meán comhaimseartha san intéirneacht sin, déanfaidh tú teagmhálacha luachmhara, agus gheobhaidh tú scileanna praiticiúla ar an láthair oibre a sheasfaidh leat agus tú sa tóir ar phost amach anseo. Más maith leat na deiseanna a bhaineann le socrúchán oibre thar sáile nó clár Erasmus a fhiosrú, beimid lánsásta comhairle a chur ort ina dtaobh.
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Ranníocaíocht an Mhic Léinn
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Táillí AE 2019/20:
- Teagasc: féadfaidh Rialtas na hÉireann é seo a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal saortháillí teagaisc - tionscnamh na saortháillí.
- Ranníocaíocht an Mhic Léinn: €3,000 - le híoc ag gach mac léinn ach féadfaidh SUSI é a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal deontas bunaithe ar thástáil mhaoine ó SUSI.
- Tobhach na Mac Léinn: €224 - caithfidh gach mac léinn an tobhach seo a íoc agus níl sé clúdaithe ag deontas SUSI.
Tuilleadh eolais
An tOllamh Breandán Mac Suibhne
R: cumarsaid@oegaillimh.ie nó breandan.macsuibhne@oegaillimh.ie
Tá leagan Béarla den leathanach seo ar fáil ag an nasc thíos / An English version of this page is available at the link below:
http://www.nuigalway.ie/courses/undergraduate-courses/arts-cumarsaid.html
Cad a deir ár mic léinn

Sorcha Ní Eachach | BA (Cumarsáid)
Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí na meán, go háirithe i léiriúchán teilifíse. Chaith mé an tríú bliain ag obair le TG4 ar chláir bheo, réamhthaifeadta agus ar an gclár Toghchán 2016, clár beo sé uair an chloig déag. Thug an taithí oibre neart seansanna dom mo chuid scileanna a chur i gcleachtadh agus a fhorbairt agus fuair mé taithí den scoth i ngach gné d’earnáil na meán.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)