Léann an Aistriúcháin
Forléargas ar an gCúrsa
Ábhar roghnach ar an gCéim BA Onóracha Dhá Ábhar (GY101) is ea Léann an Aistriúcháin, a bhíonn á theagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus a mhaireann ar feadh trí bliana. Cabhróidh an t-ábhar céime seo leat forbairt a dhéanamh mar dhuine atá in ann machnamh go criticiúil agus grinnanailís a dhéanamh ar réimse leathan ábhar. Ina theannta sin, má roghnaíonn tú Léann an Aistriúcháin, bainfidh tú sult agus taitneamh as an meascán tomhaiste den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil a gheobhaidh tú san aistriúchán agus i gcruinnscríobh na Gaeilge.
Dhá rogha foghlama
Más spéis leat céim i réimse an aistriúcháin tá dhá rogha agat: staidéar a dhéanamh ar Léann an Aistriúcháin mar ábhar roghnach sa BA Onóracha Dhá Ábhar (GY101) in imeacht trí bliana, nó an BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) a bhaint amach in imeacht ceithre bliana, le bliain taithí oibre sa tríú bliain. Ag brath ar do chuid torthaí sa Chéad Bhliain agus do chuid pointí CAO, beidh deis agat aistriú sa Dara Bliain go dtí an chéim ainmnithe BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin), má thograíonn tú é. An buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige solúbtha seo ná nach gá duit d’intinn a shocrú ar fad go dtí go mbeidh an Chéad Bhliain curtha i gcrích agat. Má roghnaíonn tú Léann an Aistriúcháin mar ábhar, beidh teacht agat ar a lán ábhar eile; ina measc siúd tá Gaeilge, Béarla, Eacnamaíocht, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Léann na Cumarsáide, Matamaitic, Spáinnis, Stair, agus Tíreolaíocht. Beidh trí ábhar le roghnú agat sa Chéad Bhliain agus leanfaidh tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim.
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Eoin Ó Droighneáin, MA
Séamus Ó Coileáin, MA
Tomás Ó Maolalaidh, MA
Áine Nic Niallais, PhD
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Íosghráid A-Leibhéil: AAAC (A-Leibhéal) nó a gcomhionann, Grád B sa Ghaeilge san A-Leibhéal Riachtanais Iontrála Ardteistiméireachta: Ní mór go mbeadh Grád H3, ar a laghad, ag iarrthóirí sa Ghaeilge agus Grád H5 in ábhar éigin eile mar aon le grád H6, ar a laghad, i gceithre ábhar eile san Ardteistiméireacht, Béarla agus teanga eile san áireamh.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
3 bliana
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2020
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
15
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
Dámhachtain
Cód CAO
GY101
Cód
Imlíne an chúrsa
Bliain a hAon
● Gnéithe den Aistriúchán
● Bunscileanna Gramadaí
● Bunscileanna Aistriúcháin
Bliain a Dó
● Gramadach agus Litriú na Gaeilge 1
● Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 1
● Stair an Aistriúcháin in Éirinn
● An tAistriúchán Ríomhchuidithe
● Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 2
● Cruinneas agus Saibhriú Teanga
Bliain a Trí
● Gramadach and Litriú na Gaeilge 2
● Tionscadal
● Fotheidealú
● Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 3
● Eagarthóireacht agus Léamh Profaí
● Téarmeolaíocht
Láthair
Tá Léann an Aistriúcháin á thairiscint ar Champas na hOllscoile i gCathair na Gaillimhe.
Breisoideachas
Tá céim mháistreachta – MA sa Léann Teanga – ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; ar cheann d’aidhmeanna an chúrsa sin tá ardoiliúint san aistriúchán a chur ar mhic léinn ionas go mbeidh siad ullmhaithe do mhargadh fostaíochta an aistriúcháin. Múintear cúrsaí ag leibhéal máistreachta freisin sa Ghaeilge agus san Ateangaireacht Chomhdhála. Mic léinn a bhfuil tionscadal taighde ar intinn acu, tig leo freisin tabhairt faoi chlár PhD.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Tá deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine a bhfuil cáilíocht acu san aistriúchán de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach. Ceaptar go mbeidh stádas iomlán ag an nGaeilge san Aontas Eorpach go luath agus go mbeidh a lán jabanna ar thuarastal an-mhaith le fáil, go háirithe ag daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta aistriúcháin acu mar aon le teanga Eorpach eile (chomh maith le Gaeilge agus Béarla). Bíonn poist le fáil freisin ag céimithe Léann an Aistriúcháin sna réimsí seo a leanas:
- cuideachtaí aistriúcháin
- na meáin chumarsáide
- eagraíochtaí Gaeilge
- féinfhostaíocht
- eagraíochtaí stáit
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Ranníocaíocht an Mhic Léinn
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Teagasc: féadfaidh Rialtas na hÉireann é seo a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal saortháillí teagaisc - tionscnamh na saortháillí.
Ranníocaíocht an Mhic Léinn: €3,000 - le híoc ag gach mac léinn ach féadfaidh SUSI é a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal deontas bunaithe ar thástáil mhaoine ó SUSI.
Tobhach na Mac Léinn: €224 - caithfidh gach mac léinn an tobhach seo a íoc agus níl sé clúdaithe ag deontas SUSI.
Tuilleadh eolais
Eoin Ó Droighneáin
Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 49 3366
R: aistriu@oegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)