Pointí Iontrála (2022)
511

Forléargas ar an gCúrsa

Cuireann Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí an chéim seo ar fáil i gcomhpháirtíocht le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Clár céime ceithre bliana sa Tráchtáil é seo a bhfuil staidéar ar an nGaeilge mar chuid de. Tabharfaidh sé seo deis do mhic léinn a gcuid scileanna teanga a fhorbairt agus iad ag fáil léargas den scoth ar shaol an ghnó agus an chultúir. Feilfidh an cháilíocht seo do mhic léinn ar mian leo gairm le gnó nó ar mian leo rogha leathan gairmeacha a bheith acu. An buntáiste is mó atá ag mic léinn an chúrsa seo ná an seimeastar Gaeltachta agus an tréimhse taithí oibre a chuirtear ar fáil i mbliain a trí den chéim.

Iarratais agus roghnúchán

Eolas faoi na teagascóirí

Dorothy Ní Uigín, PhD
Lisa Ní Fhlatharta, MA
Fiona Ní Chualáin, MA
Belinda McHale, MA
Celine Ní Dhireáin, MBS
Noríta Ní Chartúir, BA, A.D.O
Gearóid Ó Cadhain, MSc
Jeannine Woods, PhD

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

C3 Ardleibhéil ar a laghad in dhá ábhar agus pas i gceithre ábhar Ardleibhéil nó Gnáthleibhéil eile san Ardteistiméireacht lena n-áirítear Gaeilge, Béarla, teanga eile, Matamaitic, agus aon dá ábhar eile atá aitheanta i gcomhair iontrála. Is riachtanas chomh maith é C3 Ardleibhéal sa Ghaeilge.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

4 bliana

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil (2022)

Líon na mac léinn

15

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

Dámhachtain

Cód CAO

GY208

Cód

Imlíne an chúrsa

Clár céime ceithre bliana sa Tráchtáil é seo a bhfuil staidéar ar an nGaeilge mar chuid de. Tabharfaidh sé seo deis do mhic léinn a gcuid scileanna teanga a fhorbairt agus iad ag fáil léargais den scoth ar shaol an ghnó agus an chultúir. Feilfidh an cháilíocht seo do mhic léinn ar mian leo gairm le gnó nó ar mian leo rogha leathan gairmeacha a bheith acu.

Leagan Amach an Chúrsa
Bliain a hAon
Modúil Éigeantacha
Réamheolas ar Bhainistíocht/Cuntasaíocht Airgeadais (Introduction to Management/Financial Accounting)
Prionsabail Mhicreacnamaíochta/Mhaicreacnamaíochta (Principles of Microeconomics/ Macroeconomics)
Córais Faisnéise Gnó & Bainistíocht Faisnéise don Ghnó (Business Information Systems & Information Management for Business)
Matamaitic & Staitisticí don Ghnó (Mathematics & Statistics for Business)
Smaointeoireacht Bhainistíochta Chomhaimseartha (Contemporary Management Thought)
Smaointeoireacht Mhargaíochta Chomhaimseartha (Contemporary Marketing Thought)
Gaeilge

Bliain a Dó
Modúil Éigeantacha
Gaeilge
Modhanna Staitistiúla Infeireacha don Ghnó (Inferential Statistical Methods for Business)
Margaíocht Ghnímh (Action Marketing)
Eacnamaíocht Bhainistíochta (Managerial Economics)
Cuntasaíocht Bhainistíochta I (Management Accounting I)
Iompraíocht Eagraíochtúil (Organisational Behaviour)
Gnó Airgeadais I nó Caidreamh Fostaíochta (Business Finance I or Employment Relations)
Maicreacnamaíocht & an Timpeallacht Ghnó nó Dlí an Ghnó I (Macroeconomics & the Business environment or Business Law I)

Roghnaigh ceann amháin acu seo a leanas:
Tuairisciú Airgeadais Idirnáisiúnta I (International Financial Reporting I)
Eacnamaíocht an Bheartais Phoiblí (Economics of Public Policy)
Réamhchúrsa in Eacnamaíocht an Airgeadais (Introduction to Financial Economics)
Ardmhodhanna Staitistiúla don Ghnó (Advanced Statistical Methods for Business)
Athrú Eagraíochtúil a Bhainistiú (Management of Organisational Change)
Iompraíocht Tomhaltóirí (Consumer Behaviour)
Bainistíocht Tionscadal & Córas Faisnéise (Information Systems & Project Management)

Bliain a Trí
Bíonn an tríú bliain den chlár roinnte idir clár intéirneachta a mhairfidh seimeastar amháin i dtimpeallacht Ghaeilge agus seimeastar amháin ag staidéar trí Ghaeilge ar champas Gaeltachta OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua.

Bliain a Ceathair
Modúil Éigeantacha
Straitéis Ghnó (Business Strategy)
Nuálaíocht: Cruthaitheacht & Fiontar (Innovation: Creativity and Enterprise)
Gaeilge
Éire sa Gheilleagar Domhanda (Ireland in the Global Economy)
Eitic agus Dualgas Sóisialta Corparáideach (Ethics and Corporate Social Responsibility)


Roghnaigh modúil ó na réimsí seo a leanas:
Cuntasaíocht & Tomhas Feidhmíochta (Accounting & Performance Measurement)
Eacnamaíocht & Beartas Poiblí (Economics & Public Policy)
Acmhainní Daonna a Bhainistiú (Management of Human Resources)
Bainistíocht Margaíochta (Marketing Management)
Gnó Digiteach & Anailísíocht (Digital Business & Analytics)
Airgeadas (Finance)
Dlí an Ghnó (Business Law)
Gnó Idirnáisiúnta (International Business)
Oibríochtaí/Lóistíocht (Operations/Logistics)

Breisoideachas

Féadfaidh céimithe an chúrsa tabhairt faoi réimse leathan clár iarchéime ina ndisciplín roghnach, sa Ghaeilge nó san Oideachas (Múinteoireacht san áireamh).

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Is mór an seans go bhfaighidh céimithe an chláir seo fostaíocht in institiúidí Gaeltachta, cuntasaíocht, sainchomhairleoireacht bhainistíochta, margaíocht, bainistíocht acmhainní daonna, airgeadas (baincéireacht & árachas), agus seirbhísí comhairle beartais eacnamaíoch.

Taithí Oibre le hEagraíocht Ghaeilge: Is cuid lárnach de chlár an chúrsa é an taithí oibre agus is próiseas leanúnach foghlama é ina mbíonn sé mar aidhm ag an bhfoghlaimeoir an t-eolas agus na scileanna atá sealbhaithe sa chéad dá bhliain den chlár a úsáid. Tabharfaidh an taithí oibre deis don fhoghlaimeoir taithí a fháil ar a bheith ag obair i dtimpeallacht oibre cheart agus déanfar cinnte de go mbeidh nasc idir an taithí oibre agus réimse staidéir an fhoghlaimeora. Socróidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an taithí oibre.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€5,822 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Teagasc

€2,598 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Ranníocaíocht an Mhic Léinn

€3,000 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Tobhach na mac léinn

€224 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

Táillí: Neamh AE

€12,750 sa bhliain 2022/23 (le deimhniú)

- Teagasc: féadfaidh Rialtas na hÉireann é seo a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal saortháillí teagaisc - tionscnamh na saortháillí.
- Ranníocaíocht an Mhic Léinn: €3,000 - le híoc ag gach mac léinn ach féadfaidh SUSI é a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal deontas bunaithe ar thástáil mhaoine ó SUSI.
- Tobhach na Mac Léinn:  €224 - caithfidh gach mac léinn an tobhach seo a íoc agus níl sé clúdaithe ag deontas SUSI.

Tuilleadh eolais

An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge
T: +353 91 49 3493
R: dorothy.niuigin@oegaillimh.ie