Tréimhsí Foghlama Gaeltachta in Ionaid an Acadaimh (Hibernia 2020)

Ionad Ghaoth Dobhair/Charna/An Cheathrú Rua 12 – 26 Iúil 2020

An Tréimhse Foghlama Gaeltachta

Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar. 

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil ár nIonaid Ghaeltachta lonnaithe sna ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Táimid i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua, i gcroílár Iorras Aithneach i gCarna agus ar an Screabán i nGaoth Dobhair. Tá scoth na n-áiseanna teagaisc sna hIonaid, seomraí ranga ilchuspóireacha le WiFi, seomraí staidéir, cláir bhána idirghníomhacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta.
Tréimhse Foghlama Ábhar Oidí

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar ábhar oidí atá ag freastal ar chúrsa éigeantach Gaeltachta chun coinníollacha a n-oiliúna mar mhúinteoirí bunscoile a chomhlíonadh.

 Siollabas an Chúrsa

Siollabais Oifigiúla - Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht
Lámhleabhar Gaeilge / Béarla

Torthaí Foghlama
  • Cur le cumas na mac léinn an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne d’fhonn a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
  • Tuiscint a chothú iontu ar Cheart na Gaeilge.
  • Oiliúint phraiticiúil a thabhairt dóibh i gcruthú acmhainní teagaisc a bheadh oiriúnach don seomra ranga bunscoile.
  • Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú iontu a rachaidh i bhfeidhm ar a n-iompar teanga.
  • Léargas a thabhairt dóibh ar éagsúlacht shaol na Gaeltachta idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr
Modúil an chúrsa
  • Ceartúsáid na Gaeilge idir Labhairt & Scríobh
  • An Ghaeilge ar líne
  • Gaeilge na Gaeltachta
  • An Fillteán Foghlama
  • Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta, damhsa,
    spóirt, eolaíochta, ceoil
  • Acmhainní Cruthaitheacha do mhúineadh na Gaeilge
Imeachtaí seach-churaclaim
  • Siúlóidí dúlra agus tóraíochtaí taisce & oidhreachta
  • Seisiúin scéalaíochta, scoraíochta, amhránaíochta, cheoil
  • Céilithe, drumadóireacht
  • Tráth na gCeisteanna Boird
Táillí Teagaisc agus Lóistín
€750* SUSI (Gaeilge / Béarla)

* Mic Léinn na Gaeltachta: Beidh mic léinn na Gaeltachta in ann fanacht sa bhaile (más mian leo) agus taisteal chuig an gcúrsa gach lá. Íocfaidh siadsan táille €475.
Modh Íocaíochta
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór éarlais €200 a íoc ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair(Visa/Mastercard/Debit) chomh luath agus a dhéanann tú iarratas. Beidh fuílleach na táille (€550.00) le híoc ar líne ar/roimh Dé hAoine, 29 Bealtaine 2020.
Rialacha
  • Is cúrsa cónaithe é seo le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá sé éigeantach do na rannpháirtithe fanacht i lóistín de chuid an Acadaimh le linn an chúrsa.
  • Is Gaeilge amháin is ceadmhach do na mic léinn a labhairt le linn an chúrsa.
  • Is cóir do mhic léinn meas a léiriú ar mhuintir an tí, ar mhaoin an tí agus iad féin a iompar go béasach, múinte i gcónaí.
  • Níl sé ceadaithe deochanna meisciúla a thabhairt isteach ná a ól in aon cheann de na tithe lóistín.
  • Caithfidh gach mac léinn cloí le hamchlár an chúrsa agus freastal ar na himeachtaí ar fad a bheidh eagraithe le linn an chúrsa.
Cosaint Sonraí
Nuair a chláraíonn tú ar chúrsa an Acadaimh, tugann tú cead dúinn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha amach i bPolasaí Cosanta Sonraí an Acadaimh.
Foirm Iarratais
Tá foirm iarratais ar líne ar fáil ag an nasc seo.


Íoslódálacha

  • Dianchúrsaí 2020

    Dianchúrsaí 2020 PDF (1.2 MB)

  • MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála)

    MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (417 KB)

  • Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin)

    Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (925 KB)

  • BA (Gaeilge Fheidhmeach)

    BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)

  • MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

    MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (1.2 MB)

  • Ábhair Oidí 2020

    Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)

  • Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

    Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (1 MB)

  • An Dioplóma sa Ghaeilge

    An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (583 KB)

  • MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)

    MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (1 MB)

  • MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid)

    MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)

  • Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])

    Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)

  • Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí

    Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (1.1 MB)

  • Dioplóma sa Chultúr Dúchais

    Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (3 MB)

  • Dioplóma i bhForbairt Gréasáin

    Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)