Cosaint Sonraí
Polasaí Cosanta Sonraí an Acadaimh
Baileofar sonraí pearsanta uait nuair a chomhlíonann tú foirm iarratais ar chúrsaí áirithe.
Tá muid ag úsáid córas iarratais tríú páirtí chun iarratais a phróiseáil. Tá na sonraí go léir á stóráil san Aontas Eorpach.
Ní bhaileofar ach na sonraí sin atá ag teastáil uainn chun an cúrsa a reáchtáil go sásúil.
Ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta ach amháin chun críche an chúrsa seo ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais.
Roinnfear sonraí éagsúla (ainm, inscne agus riachtanais an iarrthóra) le teaghlaigh Gaeltachta chun lóistín a eagrú. D’fhéadfaí go roinnfear sonraí éagsúil le do Choláiste Oideachais/Ollscoil.
Ní roinnfear do chuid sonraí pearsanta le haon dream eile.
Ní choinneofar na sonraí seo ar feadh tréimhse níos faide ná bliain.
Tá eolas faoin chúraimí na hOllscoile i leith GDPR anseo http://www.nuigalway.ie/data-protection/gdpr/