Tástáil Shíciméadrach i gComórtais EPSO – Ábhar Tacaíochta

Tá an tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag ullmhú ábhair a bheidh ina chabhair dóibh siúd atá le tabhairt faoi chomórtas earcaíochta de chuid EPSO sna blianta seo romhainn agus arb í an Ghaeilge an chéad teanga acu sa chomórtas earcaíochta.

Tá an t-ábhar seo bunaithe ar THE ULTIMATE EU TEST BOOK – Administrators 2020 arna fhoilsiú ag John Harper Publishing. Féach www.eu-testbook.com le tuilleadh faisnéise a fháil faoin saothar sin agus saothair ghaolmhara.

Foilseofar leagan Gaeilge de na caibidlí ón saothar de réir a chéile sa tréimhse go deireadh mhí an Mhárta 2022. Tá an tionscadal seo ar bun againn i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Caibidil 1 Cad is Riarthóirí ann?
Intreoir
Is éard is cuspóir le The Ultimate EU Test Book (leagan Gaeilge) cuidiú le hiarrthóirí ullmhú agus cleachtadh a dhéanamh do chomórtais na hOifige Eorpaigh um Roghnú Foirne (EPSO), ionas go mbeidh siad incháilithe do phoist in institiúidí an Aontais. Bíonn comórtais EPSO (ar a dtugtar concours ón bhFraincis go minic) roinnte ina dhá phríomhchineál: comórtais do phoist ar leibhéal Riarthóra (AD) agus comórtais do Chúntóirí (AST), agus tá fochatagóir ann do Rúnaithe (AST-SC). Tá Teangeolaithe agus go leor róil Speisialtóra ag leibhéal AD chomh maith.


Caibidil 2 - Comórtais Riarthóirí Céim ar Chéim‌‌
Intreoir
Tar éis dúinn breathnú ar phrionsabail agus nósanna imeachta chomórtais de chuid EPSO, is féidir linn anois dul ar aghaidh chuig céimeanna sainiúla na gcomórtas ar bhonn níos mionsonraithe.
Maidir le comórtas AD5 do ghinearálaithe (a bhfuil céim acu) (ó 2019 amach) ba iad seo leanas na céimeanna:

        1. Fógra Comórtais, Féinmheasúnú, Clárú
        2. An Chéim Réamhroghnaithe (an chéad bhabhta scrúduithe)
        3. Tástáil idirmheánach
        4. Ionad Measúnaithe (an dara babhta iomlán scrúduithe)
        5. Liosta Ionadaithe, Earcaíocht

D’fhéadfadh leagan amach éagsúil a bheith ar na céimeanna éagsúla ag brath ar an gcomórtas. Maidir le teangeolaithe de, cuir i gcás, tástálacha aistriúcháin a bheadh i gcéim 3, ach d’fhéadfadh ord difriúil a bheith ann do speisialtóirí mar gheall ar an úsáid a bhaintear as an Scagthástáil Tallainne.

Caibidil 3 - Tástálacha Réasúnaíochta Briathartha, Uimhriúla agus Teibí‌‌
Intreoir
Ó bunaíodh é, tá EPSO tar éis tástálacha réasúnaíochta briathartha agus réasúnaíochta uimhriúla a úsáid i gcéim réamhroghnaithe nó iontrála na gcomórtas oscailte (cé go mbíonn siad ag teastáil sa chéim mheasúnaithe i gcás roinnt próifílí speisialtóra). Cé nach dteastaíonn eolas sainiúil i dtástálacha dá leithéid, bíonn scáth ar iarrthóirí go leor rompu – agus ar chúis mhaith. Ó 2010 i leith, áiríodh “an tástáil réasúnaíochta teibí”, mar a thugtar uirthi, mar chuid de chéim réamhroghnaithe na gcomórtas.

Caibidil 4 – An Beart a dhéanamh i dTástálacha Réasúnaíochta Briathartha
Intreoir
I saol na tástála caighdeánaithe, úsáidtear an téarma “réasúnaíocht bhriathartha” go coitianta agus tagairt á déanamh do chineálacha éagsúla tástála a bhaineann le léirmhíniú agus tuiscint téacsanna. Cé nach n-úsáideann EPSO ach ceann amháin de na cineálacha tástála réasúnaíochta briathartha sin faoi láthair, i gcuid de na múnlaí sa chaibidil seo tomhaistear na scileanna ar a mbunaítear na tástálacha réasúnaíochta briathartha a bhíonn in úsáid ag EPSO le hiarrthóirí a thástáil.

Caibidil 5 – Tástáil Réasúnaíochta Briathartha‌‌
Intreoir
Sna 1960idí, cuireadh tús sna Stáit Aontaithe le leanaí a vacsaíniú in aghaidh na bruitíní. Mar a bhíothas ag súil leis, cuireadh deireadh leis an mbruitíneach i measc leanaí. Tharla rud éigin eile freisin, áfach. Tháinig laghdú mór ar líon na leanaí a bhásaigh mar gheall ar gach galar tógálach. Thug eolaithe faoi deara go raibh an rud céanna ag tarlú i dtíortha eile ar fud an domhain nuair a tosaíodh ar vacsaíniú.

Caibidil 6 - An Beart a dhéanamh i dTástálacha Réasúnaíochta Uimhriúla‌‌
Intreoir
Deirtear go minic nach mbaineann an deacracht atá le tástálacha réasúnaíochta uimhriúla a dhéanamh le teacht ar an bhfreagra ar an gceist ach lena ndéanamh taobh istigh den tréimhse theoranta atá ar fáil.

Caibidil 7 - Réamhchleachtadh Réasúnaíochta Uimhriúla‌‌
Intreoir
Sula dtosófar ar an tástáil réasúnaíochta uimhriúla iomlán le ceisteanna measctha sa chéad chaibidil eile, mar a measctar cineálacha éagsúla ceisteanna go randamach, molaimid duit oibríochtaí sainiúla a chleachtadh ar dtús sa “réamhchleachtadh” seo. Is seo a leanas ord na n-oibríochtaí (A) Ord Méadaíochta, (B) Ríomhanna in Aghaidh an Duine/Céatadáin, (C) Luas, Am agus Fad, (D) Cothromóidí, (E) Cóimheasa, agus tá rannóg dheiridh maidir le (F) Teicnící Meastacháin.


Caibidil 8 - Tástáil Ceisteanna Measctha sa Réasúnaíocht Uimhriúil‌‌
Intreoir
Sa tástáil seo tá meascán de chineálacha ceisteanna, ina ndéantar tástáil ar na hoibríochtaí agus ar na teicnící go léir a chleachtamar sa chaibidil roimhe seo. Ba chóir duit a chur romhat a bheith in ann na ceisteanna seo a fhreagairt ar ráta 10 gcinn i 20 nóiméad, ar ghnáthchás EPSO é sin. Mar sin féin, is dócha go ngabhfaidh sé crua ort oibriú ar an luas seo ar dtús. Léigh na míniúcháin ar na freagraí go cúramach agus dírigh d’aird ar an réimse straitéisí a chuirtear ar fáil iontu le haghaidh do chuid ríomhanna a thapú go dtí go dtagann siad go nádúrtha leat.

Caibidil 9 - An Beart a Dhéanamh i dTástálacha Réasúnaíochta Teibí
Intreoir
I dtástáil réasúnaíochta teibí EPSO cuirtear faoi do bhráid sraith fíoracha i seicheamh a leanann roinnt rialacha nach n-insítear duit. Tugtar sraith eile fíoracha (A, B, C, D, E) duit mar fhreagair-roghanna agus caithfidh tusa an ceann ceart a roghnú astu leis an gceist seo a leanas a fhreagairt, mar atá “Cé acu de na fíoracha seo a leanas is ea an chéad fhíor eile sa tsraith?” (nó a leithéid). Is cinnte go bhféadfadh sé a bheith an-scáfar aghaidh a thabhairt ar a leithéid de thástáil den chéad uair. Is gnách go dtabharfaidh do shúile spléachadh ar chruth na bhfíoracha ar bhonn fánach. Ar deireadh thiar beidh tuairim agat faoi na rialacha féideartha agus ansin breathnóidh tú ar na fíoracha sna freagair-roghanna feiceáil cé acu is fearr a fheileann. Ansin tuigfidh tú go bhfeilfeadh an fhíor a roghnaigh tú go cáiréiseach do phatrún na sraithe dá mbeadh díreach rud amháin pas beag difriúil. Ag an bpointe seo, beidh ort tosú as an nua...

Caibidil 10 - Réamhchleachtadh Réasúnaíochta Teibí
Intreoir
I gcaibidil 11 tá tástáil iomlán chleachtais sa réasúnaíocht theibí inar féidir leat am a chur ar an achar a dtógann sé ort an tástáil a chríochnú. Ina choinne sin, ní hí an chaoi le bearta a dhéanamh go sciobtha is ábhar don chaibidil réamhchleachtaidh seo, ach foghlaim faoin gcaoi le teacht ar an bhfreagra ceart ar bhonn córasach. Glac do chuid ama mar sin, agus déan cinnte de go n-oibríonn tú trí gach ceist céim ar chéim. Tugtar an freagra ceart duit ag tús gach ceiste le cuidiú leat an loighic a leanúint ar bhonn ordúil. Go hidéalach, ar ndóigh, beidh tú ag iarraidh i gcónaí go n-oibreoidh tú go córasach tríd an gceist le teacht ar an bhfreagra ceart. Mar a fheicfidh tú, áfach, tá níos mó i gceist le bheith córasach ná teacht ar an bhfreagra ceart amháin. Bíonn simpliú le déanamh ar do thasc freisin trí na freagraí CONTRÁILTE a chur as an áireamh chomh luath agus is féidir.

Caibidil 11 - Tástáil Réasúnaíochta Teibí
Intreoir
160 Ceist – Tá na freagraí le fáil ó Cheist 160 ar aghaidh
I ngach ceist ní mór duit a roghnú cé acu de na fíoracha sa líne íochtarach - A, B, C, D nó E - is ea fíor deiridh na sraithe sa líne uachtarach. Ar mhaithe le cleachtadh, ba chóir duit iarracht a dhéanamh 10 gceist a fhreagairt taobh istigh de 10 nóiméad. Mura féidir leat na rialacha a bhaineann le ceist áirithe a aithint taobh istigh de 1 nóiméad, lean ar aghaidh chuig an gcéad cheist eile seachas am a chur amú. Le tuilleadh eolais a fháil faoi líon beacht ceisteanna, an méid ama a cheadaítear agus pasmharc do chuid scrúdaithe, déan an Fógra Comórtais a sheiceáil i gcónaí.

Tá ceisteanna atá níos deacra agus níos éasca measctha le chéile go randamach sa tástáil, ach má tá tú ag iarraidh díriú go sonrach ar cheisteanna crua is cinn chrua den chuid is mó iad an 40 ceist deiridh (i.e. ceist 121 go 160).