GAIRM AR PHÁIPÉIR: SAOTHAR BHREANDÁIN UÍ EITHIR

SEIMINEÁR FÍORÚIL LAE 

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le OÉ Gaillimh, athchuairt chriticiúil a thabhairt ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir (1930-1990) ag seimineár fíorúil lae Dé hAoine, an 24 Meán Fómhair 2021.

Is iomaí téama agus ábhar a shaothraigh Breandán Ó hEithir ina chuid scríbhinní: spórt, stair, polaitíocht, Árainn, litríocht, foilsitheoireacht, ceist na Gaeltachta gan ach cuid de na téamaí is coitianta a lua. Léiríonn An Nollaig Thiar (1989) agus An Aran Reader (1991), ar chuir sé eagar air le Ruairí Ó hEithir, cén léamh a bhí aige ar a dhúchas ar Inis Mór. Cuireann na foilseacháin This is Ireland (1987) agus A Pocket History of Ireland (1989) leis an traidisiún scríbhneoireachta a chleacht Árannach eile agus uncail leis, Liam Ó Flaithearta (1896-1984), a scríobh The Tourist’s Guide to Ireland (1930), ina cheann ar líon mór úrscéalta agus gearrscéalta. Tráchtaire géarchúiseach ar chúrsaí polaitíochta ab ea Ó hEithir mar is léir ó Willie the Plain Pint agus an Pápa (1977) agus The Begrudger’s Guide to Irish Politics (1986). Tugadh ardmholadh dá chuntas cumasach ar a chaidreamh le cluichí Chumann Lúthchleas Gael, Over the Bar (1984), agus do shaothar ceannródaíoch spóirt eile óna pheann, Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (1985). Bhain úrscéalta Uí Eithir – Lig Sinn i gCathú (1976) agus Sionnach ar mo Dhuán (1988) – caint, cáil agus conspóid amach tráth a bhfoilsithe. Tá an chuid is fearr dá cholúnóireacht chlóis curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín in An Chaint sa tSráidbhaile (1991) agus beathaisnéis chuimsitheach Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair (2000) scríofa ag Liam Mac Con Iomaire. Níor mhiste iniúchadh as an nua a dhéanamh ar éagsúlacht na scríbhinní seo d’fhonn scagadh a dhéanamh ar an oidhreacht neamhghnách liteartha a bhaineann le Breandán Ó hEithir.

Eagrófar roinnt seisiún léachtaí agus painéal plé ag seimineár gréasáin ar an 24 Meán Fómhair. Cuirfear fáilte roimh thairiscintí páipéir (20-25 nóiméad) ar théamaí agus ábhair a bhaineann le gné ar bith de shaothar Bhreandáin Uí Eithir. Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht cnuasach aistí a fhoilsiú bunaithe ar imeachtaí an tseimineáir. Is féidir teideal, achoimre ghairid (150 focal) agus sonraí teagmhála a sheoladh chugainn roimh an 1 Meitheamh 2021.

Tuilleadh eolais ó:

Mícheál Ó Conghaile: moccic22@outlook.com

Dónall Ó Braonáin: donall.obraonain@oegaillimh.ie