Logi nua 2024 Fiosraíonn Fios Físe dearcadh Phobal Labhartha na Gaeilge i leith TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá Painéal Lucht Féachana agus Éisteachta bunaithe againn chuige seo. Ag leanúint dea-chleachtas idirnáisiúnta déantar athnuachan ar an bpainéal go rialta.

Tá cuireadh á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre a bheith páirteach sa bPainéal Féachana agus Éisteachta. Bailítear eolas ó bhaill an Phainéil go seachtainiúil trí Dhialann Féachana agus Éisteachta a bhíonn le líonadh ar an idirlíon.

Tá an Painéal oscailte do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre mar sin. Tógfaidh comhdhéanamh an Phainéil scaipeadh thíreolaíoch, próifíl déimeagrafach agus inniúlacht teanga san áireamh.

Iriseoireacht na Gaeilge: Cá bhfaigheann pobal na Gaeilge a soláthar nuachta?

Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge

Tuairisc faoin taighde a rinne Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh i gcomhar leis an togra taighde Fios Físe le comhailre ón áisíneacht taighde Red C. Tuairimí agus dearcthaí lucht labhartha agus lucht féachana na Gaeilge faoin soláthar nuachta agus cúrsaí reatha atá ar fáil dóibh, le fócas ar leith ar sheirbhís TG4. 

Is comhfhiontar í an obair seo idir Ollscoil na Gaillimhe agus TG4, i gcomhar leis an áisíneacht taighde, Red C. Is iad TG4 a rinne an taighde seo a choimisiúnú, thug siad comhailre dúinn faoi eilimintí éagsúla de sholáthar nuachta TG4, agus bhí ionchur acu i ndearadh na gceisteanna do shuirbhé Fios Físe agus an suirbhé oscailte

Tá an taighde coimisiúnaithe ag TG4 le tacaíocht ón Údarás Craolachán na hÉireann

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo: Tuarascáil Cúrsaí Reatha TG4 2021