An Chartlannaíocht
Tá an tAcadamh gníomhach i réimsí éagsúla den chartlannú digiteach, agus tá an obair seo ar bun sna trí Ionad Gaeltachta - An Cheathrú Rua, Carna agus Gaoth Dobhair.
Cuirtear béim ar leith ar chórais dhigitithe, ar chatalógú agus ar choimeádaíocht, agus ar bhealaí nuálaíocha chun rochtain ar líne a chur ar fáil. Tá roinnt bailiúcháin chartlainne inár seilbh faoi láthair, ina measc Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth, Cartlann Éamoin de Buitléar, Bailiúchán Sheosaimh Uí Éanaí, Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cartlann an Phléaráca, agus bailiúcháin eile a thugann léargas ar oidhreacht agus ar chultúr na Gaeilge. Tá buíochas ag dul dóibh siúd a chuir an t-ábhar seo ar fáil dúinn.
Tá leaganacha digiteacha de bhailiúcháin áirithe le fáil ar ardáin éagsúla ar líne, ina measc www.bealoideas.com, www.joeheaney.org, agus www.dri.ie. Tá rochtain ag an bpobal ar ábhar fisiciúil na mbailiúchán sna hIonaid éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe.