An Seimeastar Gaeltachta - Ceisteanna agus Freagraí Coitianta

Ceisteanna Ginearálta faoin 3ú Bliain (Gaeilge)

Ó Mheán Fómhair 2019 tá bliain bhreise curtha le céim sna Dána ina roghnaítear an Ghaeilge mar ábhar.  Cosúil le céim i dteangacha eile (Fraincis, Iodáilis, srl) beidh deis anois ag mic léinn tréimhse a chaitheamh ag foghlaim sa phobal teanga sin, sa chás seo sa Ghaeltacht. Is sa chéad seimeastar de Bhliain a 3 den chéim a bheas an an Seimeastar Gaeltachta seo ar siúl.  Chomh maith leis sin, beidh deis ag mic léinn na Gaeilge tréimhse a chaitheamh ag obair i dtimpeallacht Ghaeilge in eagraíocht, i gcomhlacht nó i scoil. Beidh an Socrúchán Oibre seo ar siúl sa dara seimeastar den 3ú Bliain.   

Cé a bheas ag glacadh páirt sa Seimeastar Gaeltachta agus sa Socrúchán Oibre?

Déanfaidh gach mac léinn atá ag déanamh Gaeilge mar ábhar an Seimeastar Gaeltachta mar chuid den chlár céime BA.

Cá mbeidh an Seimeastar Gaeltachta ar siúl?

Beidh na mic léinn scaipthe idir na trí ionad Ollscoile: Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Ionad an Acadaimh i gCarna, Co. na Gaillimhe; agus an tIonad Ollscoile i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.  Is féidir níos mó eolais, agus turais fhíoriúla de na hIonaid Ollscoile, a fháil ag an nasc seo.

Céard iad aidhmeanna an tSeimeastar Gaeltachta?

Is í príomhsprioc an 3ú Bliain cur le cumas teanga agus infhostaitheacht chéimithe OÉ Gaillimh.

Dá réir sin, sa Seimeastar Gaeltachta beidh an mac léinn á t(h)abhairt chun cruinnis i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus beidh forbairt á déanamh ar scileanna anailíse agus criticiúla i scríobh agus i labhairt na Gaeilge.  Cuirfear le heolas agus feasacht an mhic léinn ar réimeanna teanga, ar chultúr agus ar litríocht phobal traidisiúnta na Gaeilge agus déanfar an ceangal idir pobail Ghaeltachta, a dteanga agus a gcultúr agus léann na Gaeilge a dhaingniú i meon an mhic léinn.

An Tumoideachas

Tá sé aitheanta go bhfuil eispéireas foghlama níos fearr ag foghlaimeoirí teanga nuair a thugann siad faoi thréimhse foghlama i dtimpeallacht na teanga sin. Tugtar an tumoideachas air seo. Ní féidir tabhairt faoin bhfoghlaim teanga seo ach sa Ghaeltacht. Téann mic léinn i ngleic le saibhreas teanga nach féidir a chloisteáil i gcathair na Gaillimhe. Baintear úsáid as ábhar dílis agus tá teacht ar shaineolaithe agus cleachtóirí i réimsí gaolmhara i dtimpeallacht nádúrtha na Gaeltachta.

Beidh ábhair eile, ábhar dioscúrsúil – teicneolaíocht faisnéise, scileanna cumarsáide agus scileanna inaistrithe eile ina measc – á dteagasc ag úsáid CLIL (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha). Is cur chuige nuálach é seo ina múintear an t-ábhar faoi chaibidil sa sprioctheanga foghlama. Baineann scoláirí a bhíonn ag úsáid CLIL torthaí foghlama níos fearr amach – san ábhar agus sa teanga –. Tá sé aitheanta freisin go bhfuil an cur chuige CLIL níos éifeachtaí nuair a dhéantar é a chomhnascadh leis an tumoideachas.

An gcaithfidh gach duine atá ag déanamh Gaeilge an Seimeastar Gaeltachta a dhéanamh sa triú bliain?

Tá sé ina chuid riachtanach den chéim ag gach mac léinn an Seimeastar Gaeltachta agus an Socrúchán Oibre a chur i gcrích. Tá céimeanna 4 bliana ag teacht le treochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta mar a bhaineann sé le teagasc teangacha. Tá sé ag freastal freisin ar dhá éileamh a thagann go rialta ó scoláirí: go mbeidís níos líofa agus níos cruinne sa teanga, agus go mbeadh na scileanna acu atá de dhíth ó fhostaitheoirí agus a chuideoidh leis na mic léinn fostaíocht a aimsiú sa ghairm atá roghnaithe acu.

Tá eisceacht amháin leis seo – na scoláirí sin atá ag staidéar an dara teanga. Beidh na mic léinn sin ag déanamh Sheimeastar Erasmus thar lear seachas tabhairt faoi Socrúchán Oibre.

Modúil an tSeimeastar Ghaeltachta

Saibhriú agus Scileanna Teanga

Tabharfar deis do na mic léinn sa mhodúl seo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga i gcás an fhocail scríofa, agus tuiscint a fháil ar shaol agus ar shaíocht phobail na Gaeltachta.  Déanfar seo trí úsáid a bhaint as ábhar dílis a bhaineann leis an gceantar a mbeidh siad ann; san áireamh anseo beidh ábhar cartlannaíochta, nuacht agus foilseacháin áitiúla agus sleachta ó shaothair litríochta áitiúla a ndéanfar scagadh agus anailís orthu ó thaobh na canúna agus na gramadaí de.  Beidh an cur chuige mac léinn-lárnaithe agus tascbhunaithe.  Cuirfear le muinín na mac léinn píosa slachtmhar acadúil a chur i láthair, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar thábhacht agus ar úsáid réimeanna éagsúla teanga agus stíle i scríobh na teanga.

Scileanna Cumarsáide agus Cur i Láthair

Tabharfar deis do na mic léinn sa mhodúl seo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus cumarsáide trí mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama ar a n-airítear cur i láthair agus léirmheastóireacht ó bhéal, cur i láthair grúpa, áisitheoireacht grúpaí, díospóireachtaí, scileanna agallaimh, cruthú míreanna fuaime, úsáid na teicneolaíochta i sealbhú teanga. Cuirfear le heispéireas na mac léinn Gaeilge in ionaid Ghaeltachta le go sealbhóidh siad an teanga, go gcuirfidh siad lena bhfeasacht chultúrtha agus canúna agus go mbeidh ar a gcumas cumarsáid mhuiníneach a dhéanamh i bpobal Gaeltachta.

Teicneolaíochtaí Aistriúcháin agus Teanga

Cuimseofar dhá phríomhghné sa mhodúl seo: (1) Uirlisí leictreonacha a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí na Gaeilge agus daoine a scríobhann sa Ghaeilge i gcoitinne; (2) Oiliúint i mbogearr(í) aistriúcháin ríomhchuidithe. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn sna huirlisí leictreonacha teanga atá ar fáil anois d’aistritheoirí na Gaeilge, ar a n-áiritear uirlisí foclóireachta, uirlisí téarmaíochta, uirlisí gramadaí, litreoirí, corpais teanga; tabharfar an deis dóibh téacsanna gearra a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus iad ag baint leas as na huirlisí sin. Cuirfear bunoiliúint ar na mic léinn chomh maith i gceann de na príomh-bhogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe atá in úsáid sa mhargadh tráchtála aistriúcháin.

Cultúr Dúchais na Gaeltachta

Díreofar ar ghnéithe sainiúla de chultúr dúchais na Gaeltachta sa mhodúl seo.  Is í aidhm an mhodúil forbairt a dhéanamh ar an tuiscint atá ag an mac léinn ar na  traidisiúin agus an cultúr a cleachtadh agus a chleachtar sa Ghaeltacht agus an oidhreacht a bhaineann leo.  Leagfar béim faoi leith ar údaracht agus ar sheasmhacht an chultúir seo i bhfianaise na dtionchar a d’imir athruithe sóisialta, eacnamaíochta agus polaitíochta; imirce; gluaiseachtaí cultúrtha; taifeadtaí; craoltóireacht; taighde agus forbairtí eile orthu.  Pléifear na gnéithe ginearálta seo a leanas sa mhodúl:  Na healaíona dúchais (amhránaíocht, ceol agus damhsa); Gnéithe den traidisiún béil (an stairsheanchas agus logainmneacha); Ceirdeanna agus bealaí maireachtála traidisiúnta (an teach traidisiúnta agus ceirdeanna baile, an bhádóireacht, soláthar bia agus breosla).

Pobal na Gaeltachta sa lá atá inniu ann

Leagfar béim sa mhodúl seo ar bhunús oifigiúil na Gaeltachta agus ar fhorbairt pholasaí an stáit ina leith. Breathnófar freisin ar bhunús na Gaeltachta mar limistéar sainiúil cultúir agus teanga. Chuige sin, tabharfar spléachadh don mhac léinn ar an mbeartas teanga sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stát anuas go dtí ár linn féin: Coimisiún na Gaeltachta (1926), Roinn na Gaeltachta (1956), Gaeltarra Éireann (1957), Údarás na Gaeltachta (1980), Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), Acht na Gaeltachta (2012), Polasaí don Oideachas Gaeltachta (2017-2022). Ina theannta sin, tráchtfar ar an staid reatha sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht agus cíorfar na hiarrachtaí pleanála teanga atá faoi lán seoil faoi láthair.  Cuirfear teoiricí de chuid na sochtheangeolaíochta agus na pleanála teanga ar a shúile don mhac léinn sa chaoi is go mbeifear in ann iad a úsáid mar ghléas criticiúil anailíseach chun cás na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha a mheas agus a phlé.  Cíorfar freisin cuid de na saintréithe cultúir agus teanga a bhaineann leis an nGaeltacht agus féachfar ar an ról tábhachtach a bhí agus atá ag an nGaeltacht i gcúrsaí sealbhaithe teanga.

Tionscnamh Gaeltachta

Díreoidh an modúl seo ar fheasacht na mac léinn maidir le saol na Gaeltachta agus leis an teanga féin.  Tabharfaidh na mic léinn faoi thaighde ar ghné faoi leith de shaol na Gaeltachta, agus cuirfear le scileanna anailíse agus criticiúla na mac léinn agus an taighde seo ar bun.  Cuirfear le scileanna teicneolaíochta na mac léinn, rud a chuideos leo agus iad i mbun taighde.  Beidh portfóilió/fillteán foghlama le hullmhú ag na mic léinn bunaithe ar an Tionscnamh.

Ceisteanna faoin bPróiseas Iontrála

Cén chaoi a ndáilfear na mac léinn ar na hIonaid?

Dáilfear na mic léinn ag úsáid critéir éagsúla, ina measc:

  • ceantar dúchais an mhic léinn;
  • sainrogha phearsanta an mhic léinn maidir le canúint de;
  • an socrúchán oibre.

Is ar bhonn randamach a dháilfear na mic léinn tar éis do na critéir seo a bheith tógtha san áireamh.

Tugadh riachtanais an mhic léinn Ghaeltachta san áireamh agus torthaí foghlama an ábhair teanga agus an ábhair dhioscúrsúil á ndearadh. Cuirfear le saibhreas teanga an mhic léinn Ghaeltachta mar chuid den eispéireas foghlama agus déanfar cúram de na riachtanais ar leith atá ag mic léinn dá leithéid.

Tá Gaeilge labhartha agus scríofa ar mo thoil agam. Cén tairbhe domsa an Seimeastar Gaeltachta?

Tá torthaí foghlama agus siollabas an tSeimeastair Gaeltachta deartha sa chaoi is gur féidir an freastal cuí a dhéanamh ar gach mac léinn, beag beann ar an gcumas teanga atá acu. Cuirfear le saibhreas teanga an mhic léinn Ghaeltachta mar chuid den eispéireas foghlama agus déanfar cúram de na riachtanais ar leith atá ag mic léinn dá leithéid.

Is as an nGaeltacht mé. Cén leas a dhéanfaidh sé seo domsa?

Is deis í seo ag mic léinn Ghaeltachta aithne níos fearr a chur ar cheantar Gaeltachta faoi leith, a gceantar féin den chuid is mó. Tá buntáiste mór ag mic léinn Ghaeltachta sa mhéid agus go bhfuil an Ghaeilge ina cuid dá dtimpeallacht nádúrtha teanga. Mar sin féin, is timpeallacht dhátheangach í, agus bíonn an Béarla i gceist mar mheán cumarsáide i measc cainteoirí dúchais Gaeilge go minic. Is socrúchán gairmiúil é seo a thugann tús áite d’aon ghnó d’fhorbairt scileanna cumarsáide sa Ghaeilge. Cruthaíonn an seimeastar Gaeltachta deis duit réimeanna teanga nach bhfuil máistreacht agat orthu a fhorbairt agus a chleachtadh. Is deis í duit le do chuid Gaeilge a leasú agus a neartú agus a thabhairt chun cruinnis ar chaighdeán gairmiúil. Cuirfidh do líofacht go mór le do chumas tairbhe a bhaint as an seimeastar.

Ceisteanna faoin Teagasc agus an t-ábhar Acadúil

An mbeidh difríochtaí san ábhar teagaisc ó Ionad go hIonad?

Is iad na torthaí foghlama céanna a bhainfidh an mac léinn amach beag beann ar an ionad Ollscoile Gaeltachta a mbeidh sé/sí lonnaithe ann. Beidh saoirse ag teagascóirí sna hIonaid éagsúla tarraingt ar ábhar dílis agus ar shaineolas atá ar fáil dóibh sa cheantar Gaeltachta ina bhfuil siad lonnaithe.

Céard iad príomhaidhmeanna na modúl teanga?

Is iad príomhaidhmeanna na modúl teanga:

  • An mac léinn a thabhairt chun cruinnis i scríobh agus i labhairt na Gaeilge.
  • Cuidiú leis an mac léinn a scileanna anailíse agus criticiúla a fhorbairt i scríobh agus i labhairt na Gaeilge.
  • A scileanna sa teicneolaíocht faisnéise a fhorbairt d’fhonn ábhar dílis a aimsiú, a scagadh agus a chruthú.

Go mbeidh portfóilió foghlama ullmhaithe ag an mac léinn a thugann léargas ar an sealbhú, ar an mbuanú agus ar an bhforbairt atá déanta ag an mac léinn ar a scileanna teanga agus ar a scileanna inaistrithe, agus ar na modhanna agus na huirlisí a bhain sé/sí úsáid astu chun an obair seo a dhéanamh.

Céard a bheas mé in ann a dhéanamh agus na modúil teanga curtha i gcrích agam?

Nuair a bheidh na modúil teanga curtha i gcrích ag an mac léinn beidh:

  • Beachtú déanta aige/aici ar bhunstruchtúir na teanga ó thaobh gramadaí agus comhréire de agus é / í ábalta an teanga a ionramháil go sásúil.
  • Taithí aige/aici ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla agus ar Bhéarla a chur ar shleachta Gaeilge.
  • Sé/sí inniúil ar é/í féin a chur in iúl go héifeachtach agus go cruinn i bhfoirm chomhrá agus i bhfoirm scríbhinne i réimse suíomhanna.
  • Taithí aige/aici ar chomhrá líofa, soiléir, cruinn a dhéanamh i réimeanna agus suíomhanna éagsúla teanga, suíomhanna sóisialta, acadúla agus gairmiúla san áireamh.
  • Sé/sí ábalta anailís chriticiúil a dhéanamh i scríbhinn agus ó bhéal.

Ar a c(h)umas ábhar dílis dá c(h)uid féin a chruthú agus a chur i láthair.

Céard iad príomhaidhmeanna an ábhair dhioscúrsúil?

Is iad príomhaidhmeanna an ábhair dhioscúrsúil:

  • Eolas agus feasacht an mhic léinn ar réimeanna teanga, ar chultúr agus ar litríocht phobal traidisiúnta Gaeilge a fhorbairt.
  • An ceangal idir pobail Ghaeltachta, a dteanga agus a gcultúr agus léann na Gaeilge a dhaingniú i meon an mhic léinn.

Ábhar dílis a aithint, a láimhseáil, a thuiscint, a chruthú agus a chur in oiriúint don phobail.

Céard a bheas mé in ann a dhéanamh agus an t-ábhar dioscúrsúil curtha i gcrích agam?

Nuair a bheidh na modúil dhioscúrsúla curtha i gcrích ag an mac léinn beidh:

  • Tuiscint agus feasacht aige/aici ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht inniu, agus beidh sé/sí ábalta cuntas beacht cruinn a thabhairt uirthi agus anailís chriticiúil a dhéanamh uirthi ó bhéal agus i scríbhinn.
  • Sé/sí ábalta na toisceanna soch-chultúrtha a théann i bhfeidhm ar úsáid teanga a aithint agus cuntas beacht a thabhairt orthu ó bhéal agus i scríbhinn.
  • Cur amach aige/aici ar cheantar Gaeltachta ar leith, ar theanga an phobail agus ar an úsáid a bhaintear as an teanga, ar ghnéithe den litríocht bhéil agus den chultúr sainiúil a bhaineann leis an gceantar sin.
  • Ar a c(h)umas cuntas a thabhairt ar na healaíona dúchasacha a bhí nó atá á saothrú sa cheantar Gaeltachta.
  • Sé/sí ábalta tuiscint a léiriú (nó cuntas a thabhairt) ar na comórtais Oireachtais agus rannpháirtíocht an phobail áitiúil.
  • Tuiscint aige/aici ar conas mar a shealbhaítear, a bhuanaítear agus a sheachadtar an Ghaeilge agus an cultúr atá ar iompar inti go traidisiúnta i gceantar Gaeltachta.

Ar a c(h)umas ábhar dílis dá c(h)uid féin a chruthú agus a chur i láthair.

Cén cur chuige foghlama a bheas sa Seimeastar Gaeltachta agus céard a bheas difriúil faoin eispéireas teagaisc, i gcomparáid le príomhchampas na hOllscoile?

Beidh eispéireas foghlama an-éagsúil ag an mac léinn sa Ghaeltacht le hais atá feicthe aige/aici ar príomhchampas na hOllscoile. Beidh ranganna agus grúpaí foghlama níos lú agus glacfaidh an mac léinn páirt in obair ranga, in obair ghrúpa, i gceardlanna, in obair neamhspleách agus cuirfear go leor béime ar an bpróiseas féinteagaisc san fhoghlaim teanga. Beidh foghlaimeoirí ag comhoibriú le chéile mar ghrúpa ar mhaithe leis na bealaí is éifeachtaí chun torthaí foghlama atá aontaithe leo a bhaint amach.

Tarraingeofar ar ábhar dílis, ar chartlanna, ar bhealaí nuálacha foghlama, ar ardáin, acmhainní agus uirlisí d(h)igiteacha agus ar an suíomh uathúil Gaeltachta ina mbeidh an mac léinn lonnaithe.  Bainfear leas as scannáin, as cláir theilifíse agus as ábhar cartlainne fuaime agus físe mar áiseanna teagaisc agus foghlama. D’fhonn léargas níos iomláine a thabhairt don mhac léinn ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun plé a spreagadh, beidh clár cuimsitheach d’imeachtaí cultúrtha, sóisialta agus siamsaíochta mar chuid lárnach den Seimeastar Gaeltachta.  Reáchtálfar ceardlanna agus aoiléachtaí le linn an tseimeastair  agus déanfar gach iarracht tascanna a dhearadh a spreagfaidh an mac léinn chun rannpháirtíocht ghníomhach a ghlacadh sa phobal. Beidh deis ag mic léinn freastal ar imeachtaí cultúrtha de chuid an phobail agus imeachtaí dá gcuid féin a eagrú.

Céard leis a mbeidh mé ag súil agus an Seimeastar Gaeltachta curtha díom agam?

Ag deireadh an tSeimeastair Gaeltachta:

  • Beidh ar chumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl go soiléir cruinn beacht ó bhéal agus i scríbhinn. Beidh ar a c(h)umas freisin cuntas cruinn slachtmhar a thabhairt ar ghnéithe de chultúr na Gaeltachta agus den stór focal agus den saibhreas cultúir a bhaineann leis na gnéithe sin.
  • Beidh feasacht ag an mac léinn ar theanga agus ar chultúr na Gaeltachta. Beidh tuiscint ar leith aige/aici ar thréithe sainiúla an phobail Ghaeltachta áirithe a mbeidh sé/sí lonnaithe ann le linn an tseimeastair. Beidh sé/sí ábalta léirmheas ó bhéal agus i scríbhinn a dhéanamh ar na gnéithe seo.
  • Beidh an líofacht chuí ag an mac léinn a chuirfidh ar a c(h)umas páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge go sóisialta, go gairmiúil agus go hacadúil.
  • Beidh na scileanna faisnéise cuí ag an mac léinn a chuirfidh ar a c(h)umas feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge san aonú haois is fiche.
  • Beidh ar chumas an mhic léinn féinmhachnamh agus féinluacháil a dhéanamh ar a c(h)uid foghlama agus beidh tuiscint aige/aici ar a ról féin i saol na Gaeilge.

Beidh na scileanna cuí ag an mac léinn a chuirfidh ar a c(h)umas leanúint ar aghaidh lena f(h)oghlaim neamhspleách i léann agus i gcultúr na Gaeilge.

Ceisteanna faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht

Tá imní orm faoi mo chaighdeán Gaeilge agus nach mbeidh mé in ann ag an Seimeastar Gaeltachta

Beidh an Seimeastar Gaeltachta ag tógáil ar an obair atá déanta ag an mac léinn i mBliain 1 agus i mBliain 2 den chéim. Tá an siollabas deartha do na mic léinn atá tar éis na blianta sin a chur i gcrích go sásúil. Tabharfar gach deis agus ’chuile thacaíocht do gach mac léinn ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú go muiníneach i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.

Beidh deis acu freisin cuairt a thabhairt ar na hIonaid Ghaeltachta roimh ré, más mian leo. Moltar réamhullmhúchán a dhéanamh faoi chultúr teanga na Gaeltachta, agus staidéar a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun tabhairt faoi thréimhse tumoideachais – cuirfear an t-ábhar agus an tacaíocht seo go léir ar fáil.

Níl Gaeilge mhaith agam,  an mbeidh an Seimeastar Gaeltachta in ann freastal ar mo chuid riachtanais?

Tá siollabas an tSeimeastair Gaeltachta deartha sa chaoi is gur féidir an freastal cuí a dhéanamh ar gach mac léinn, beag beann ar an gcumas teanga atá acu.

An mbeidh deis agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh leis an bpobal áitiúil?

Beidh sé tábhachtach do na mic léinn agus do na pobail a mbeidh siad ag maireachtáil ina measc go mbeidh deis ag mic léinn a bheith páirteach sa phobal áitiúil agus go mbeidh buntáistí don uile dhuine as an bhforbairt pobail a d’fhéadfaí a chur chun cinn dá réir.

Ceisteanna a bhaineann le grúpaí éagsúla mac léinn

Tá mé ag déanamh Gaeilge agus ábhar eile nach teanga é, céard atá romham?

Beidh ort 15 ECTS de mhodúil theanga agus 15 ECTS d’ábhar dioscúrsúil a dhéanamh le linn an tSeimeastair Gaeltachta.  Déanfaidh tú Socrúchán Oibre i Seimeastar 2.

Tá mé ag déanamh Gaeilge agus teanga eile, céard atá romham?

Beidh ort 15 ECTS de mhodúil teanga agus 15 ECTS d’ábhar dioscúrsúil a dhéanamh le linn an tSeimeastair Gaeltachta agus 30 ECTS don tréimhse staidéir thar lear i Seimeastar 2 (in ionad an tsocrúcháin oibre).

Tá mé ag staidéar na Gaeilge mar chuid den chlár BA Connect. Céard atá romham?

60 ECTS sa speisialachas atá roghnaithe aige/aici a bhainfidh an mac léinn amach i mbliain 3. Ní gá don mhac léinn ar an BA Connect an Seimeastar Gaeltachta a dhéanamh.

Ceisteanna faoin Lóistín, Taisteal & Seirbhísí

An mbeidh na seirbhísí céanna atá againn ar an bpríomhchampas ar fáil sa Ghaeltacht?

Mar mhac léinn de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, beidh fáil ag mic léinn ar gach seirbhís agus áis atá ar fáil ag gach mac léinn eile. Mar mhac léinn atá ag staidéar sa Ghaeltacht, bainfear níos mó leasa as seirbhísí ar-líne na hOllscoile.  Déanfar gach iarracht na háiseanna teagaisc agus foghlama céanna a chur ar fáil sna Ionaid Ghaeltachta agus atá ar phríomhchampas na Ollscoile. Tuigeann muid go dteastóidh seirbhísí eile ó mhic léinn, cuir i gcás seirbhísí dochtúra agus comhairleora, macasamhail na seirbhísí a bheadh ar fáil dóibh ar an bpríomhchampas. Tá seirbhísí áitiúla ar fáil sna ceantair éagsúla Ghaeltachta lena chinntiú go mbeidh cothromaíocht ann don mhac léinn a dhéanfaidh tréimhse sa Ghaeltacht. Tá seirbhís chomhairleoireachta Skype ar fáil do mhic léinn le linn dóibh a bheith lonnaithe taobh amuigh de phríomhchampas OÉ Gaillimh.  agus beidh fáil ag mic léinn atá ag freastal ar an Seimeastar Gaeltachta  ar an tseirbhís seo.

Imeachtaí seach-churaclaim

Seo a leanas roinnt de na himeachtaí sóisialta, siamsaíochta agus cultúrtha a eagraíodh le linn Sheimeastar Gaeltachta 2019 mar shampla duit:

Carna: Siúlóidí go hEastáit Bhaile na hInse, Mám Éan, Páirc Náisiúnta Chonamara, Leitir Fraic agus Binn Ghuaire; turas rothaíochta; taispeántais ar Chapaillíní Chonamara ag Mainéar Iorras Fhlannáin, ar thraidisiún na stiléireachta faoi scáth Chnoc Mhordáin agus cur síos ar an nGorta Mór i gConamara; ceardlanna damhsa, cócaireachta agus ealaíon oghaim; oícheanta airneáin, seisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha.

Gaoth Dobhair: cuairteanna ar na Tithe Gloine i gCill Ulta, Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, Rann na Feirste, Oileán Ghabhla, Sliabh Liag, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus cathair Dhoire; cadhcáil Mhara go hInis Meáin agus surfáil i Machaire Rabhartaigh; ballraíocht i gClub Sláinte an Earagail, siúlóidí cois abhann, cois locha agus cois cósta; oícheanta ag an bpictiúrlann, ceardlanna cócaireachta, féinchosaint agus drámaíocht; oícheanta cultúrtha.

An Cheathrú Rua: Turas go hInis Mór, Árainn, cuairteanna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Ros na Rún agus na comhlachtaí Europus agus MeasMedia; cuairteanna ar na heagrais Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga, Roinn na Gaeltachta, Muintearas & Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin; deireadh seachtaine ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath; ceardlanna liathróid láimhe, cócaireachta, damhsa ar an sean-nós agus damhsa líne; ceolchoirmeacha, dioscónna, oíche scannán agus oíche airneáin.