Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí
Forléargas ar an gCúrsa
Beidh an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag Leibhéal 9 den Chomhchreat Náisiúnta Cáilíochtaí do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis agus úsáide teanga a shaothrú i gcomhthéacsanna teagaisc agus foghlama. Beidh sé oiriúnach d’oidí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.Tógfaidh an cúrsa seo ar cháilíochtaí na n-oidí ionas go mbainfidh siad barr feabhais amach i dtaca lena gcumas teanga féin ach is é comhsprioc an chúrsa freisin go mbeidh an t-oide in ann straitéisí sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ag obair go muiníneach san obair laethúil a bhíonn ar bun aici/aige.
Bainfear úsáid as teicneolaíocht foghlama agus modh seachadta a éascóidh rannpháirtíocht sa chlár léinn seo agus beidh gach deis ag mic léinn an chláir a gcuid foghlama féin a bhainistiú ina gcuid ama féin.
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Belinda McHale (BA, MA, Postgraduate Certificate in Teaching & Learning)
Odí Ní Chéilleachair (BA, MA, Dioplóma Iarchéime san Oideachas)
Séamus Ó Coileáin (BA, MPhil)
Eoin Ó Droighneáin (BA, MA)
An Dr Dorothy Ní Uigín (BA, MA (Gaeilge), MA (Literature & Publishing), MA (Academic Practice), PhD (Gaeilge)
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
2 bhliain, páirtaimseartha
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath.
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Páirtaimseartha
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Cód CAO
Cód PAC
GYA59
Imlíne an chúrsa
Bliain 1
- Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha I
- An tAistriúchán & Téarmaíocht an tSeomra Ranga
Bliain 2
- Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha II
- Tionscadal
Ach an clár seo a bheith curtha díobh ag na rannpháirtithe, beidh ar a gcumas:
● scileanna éagsúla teanga agus litearthachta a shaothrú a fhónfaidh suíomhanna oideachais ina mbeidh ardchumas Gaeilge ag teastáil;
● sainscileanna aistriúcháin a shaothrú le cur ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach sa seomra ranga;
● bonn anailíse agus léargais a chothú a bheidh ina chrann taca do mhúinteoirí atá ag iarraidh acmhainní foghlama Gaeilge a chruthú chomh maith le straitéisí feasachta agus saibhrithe teanga a fhorbairt.
Déanfar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn na foghlama cumaisc trí mhodúil an chúrsa a sheachadadh ar líne. Beidh ceardlanna míosúla ar siúl ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin. Beidh deis ag rannpháirtithe an clár a chríochnú thar dhá bhliain acadúla nó modúil aonair den chúrsa a ghlacadh in imeacht roinnt blianta agus iad a chur i dtreo na cáilíochta iomláine. (Ní mór d’iarrthóirí ríomhaire agus ceangal leathanbhanda a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa chúrsa seo.)
Beidh measúnuithe leanúnacha agus scrúduithe le suí ag na mic léinn.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 493 493
R: dorothy.niuigin@oegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (514 KB)
-
Ábhair Oidí 2018 PDF (770 KB)
-
Bróisiúr Fochéime 2018 PDF (3.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (663 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (583 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (816 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (500 KB)
-
Dianchúrsaí 2018 PDF (1.3 MB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (535 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (488 KB)