Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach
Forléargas ar an gCúrsa
Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.
Dearadh ábhar an chláir léinn seo le go dtiocfadh an cháilíocht le riachtanais na Comhairle Múinteoireachta don ábhar curaclaim Gaeilge.
Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:
- Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú.
- Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú.
- Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge.
- Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé.
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha.
- Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.
Leathanach Facebook: https://www.facebook.com/ArdDioplomaGaeilge/
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
- Beidh céim onóracha, nó a comhionann, in ábhar ar bith riachtanach le tabhairt faoin Ard-Dioplóma seo.
- Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí a léiriú do stiúrthóir an chúrsa go bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, acu chun tabhairt faoin gcúrsa go sásúil.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Is 2 bhliain (ar bhonn páirtaimseartha) timthriall an chláir, ach beidh fad an chúrsa ag brath ar na modúil a roghnófar má thabharfar faoi go modúlach.
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
30
Spriocdháta
25 Lúnasa 2017
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2017
Leibhéal NFQ
8
Modh staidéir
Páirtaimseartha
Meáchan ECTS
60
Dámhachtain
Cód CAO
Cód PAC
Imlíne an chúrsa
Bliain 1
- Cruinneas na Gaeilge 1
- An Prós Comhaimseartha
- Stair na Meán Gaeilge
- Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta
- An Scríbhneoireacht Acadúil
Bliain 2
- Cruinneas na Gaeilge 2
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 1
- Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 2
Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar dhá bhliain agus bainfear leas as foghlaim chumaisc chun é a thairiscint. Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúil aonair. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá gcúinsí maireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne do mhic léinn ar an ríomhphost agus ar fhóram plé freisin. Sa chéad agus sa dara bliain den Ard-Dioplóma, beidh na ranganna teanga ar siúl in ionaid de chuid na hOllscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.
Breisoideachas
Beidh deiseanna ag mic léinn a bhaineann an tArd-Dioplóma seo amach leanúint dá gcuid staidéir ar an nGaeilge ar an MA sa Léann Teanga, an MA sa Nua-Ghaeilge nó an MA san Ateangaireacht Chomhdhála.Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Táille in aghaidh an mhodúil (5 ECTS) - €510
Tuilleadh eolais
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Áras na Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
T: +353 91 493802
R: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (514 KB)
-
Ábhair Oidí 2018 PDF (770 KB)
-
Bróisiúr Fochéime 2018 PDF (3.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (663 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (583 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (816 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (500 KB)
-
Dianchúrsaí 2018 PDF (1.3 MB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (535 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (488 KB)