Tréimhse Foghlama Gaeltachta 1 (Hibernia 2017)

Déan Iarratas

Gaoth Dobhair 16 Iúil - 30 Iúil

Carna / An Cheathrú Rua 16 Iúil - 30 Iúil

An Tréimhse Foghlama Gaeltachta

Bróisiúr anseo

Foirm iarratais ar líne

Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar. 

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil ár nIonaid Ghaeltachta lonnaithe sna ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Táimid i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua, i gcroílár Iorras Aithneach i gCarna agus ar an Screabán i nGaoth Dobhair. Tá scoth na n-áiseanna teagaisc sna hIonaid, seomraí ranga ilchuspóireacha le WiFi, seomraí staidéir, cláir bhána idirghníomhacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta.
Tréimhse Foghlama Ábhar Oidí

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar ábhar oidí atá ag freastal ar chúrsa éigeantach Gaeltachta chun coinníollacha a n-oiliúna mar mhúinteoirí bunscoile a chomhlíonadh.

 Siollabas an Chúrsa

Siollabas don Chéad Tréimhse Foghlama Gaeltachta 
Lámhleabhar Gaeilge / Béarla

Torthaí Foghlama
  • Cur le cumas na mac léinn an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne d’fhonn a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
  • Tuiscint a chothú iontu ar Cheart na Gaeilge.
  • Oiliúint phraiticiúil a thabhairt dóibh i gcruthú acmhainní teagaisc a bheadh oiriúnach don seomra ranga bunscoile.
  • Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú iontu a rachaidh i bhfeidhm ar a n-iompar teanga.
  • Léargas a thabhairt dóibh ar éagsúlacht shaol na Gaeltachta idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr
Modúil an chúrsa
  • Ceartúsáid na Gaeilge idir Labhairt & Scríobh
  • An Ghaeilge ar líne
  • Gaeilge na Gaeltachta
  • An Fillteán Foghlama
  • Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta, damhsa,
    spóirt, eolaíochta, ceoil
  • Acmhainní Cruthaitheacha do mhúineadh na Gaeilge
Imeachtaí seach-churaclaim
  • Siúlóidí dúlra agus tóraíochtaí taisce & oidhreachta
  • Seisiúin scéalaíochta, scoraíochta, amhránaíochta, cheoil
  • Céilithe, drumadóireacht
  • Tráth na gCeisteanna Boird
Táillí Teagaisc agus Lóistín
€750* SUSI (Gaeilge / Béarla)

* Mic Léinn na Gaeltachta: Beidh mic léinn na Gaeltachta in ann fanacht sa bhaile (más mian leo) agus taisteal chuig an gcúrsa gach lá. Íocfaidh siadsan táille €475.
Modh Íocaíochta
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór éarlais €200 a íoc roimh an Luan, 20 Márta 2017. Is féidir an éarlais a íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair (Visa/Mastercard/Debit) ach glaoch orainn ag 091 494600 nó 091 494601 le sonraí do chárta. Beidh fuílleach na táille (€550.00) le híoc roimh/ar an Luan, 24 Aibreán 2017.
Tuilleadh eolais
An Rúnaí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
 


T: +353 91 494600 / 494601
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
Tá foirm iarratais ar líne ar fáil anseo.