An Tréimhse Foghlama Gaeltachta (29 Lúnasa - 12 Meán Fómhair 2019)

Déan Iarratas

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Phádraig MGO/Erasmus 2019

An Tréimhse Foghlama Gaeltachta (29 Lúnasa - 12 Meán Fómhair)

An Tréimhse Foghlama Gaeltachta

  • Tá bróisiúr faoin Tréimhse Foghlama Gaeltachta le fáil ag bun an leathanaigh seo faoi 'Íoslódálacha'.
  • Tá foirm iarratais ar líne ar fáil anseo.
Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar.

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil ár nIonaid Ghaeltachta lonnaithe sna ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Táimid i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua, i gcroílár Iorras Aithneach i gCarna agus ar an Screabán i nGaoth Dobhair. Tá scoth na n-áiseanna teagaisc sna hIonaid, seomraí ranga ilchuspóireacha le WiFi, seomraí staidéir, cláir bhána idirghníomhacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta.

Tréimhse Foghlama Ábhar Oidí

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar ábhair oidí atá ag freastal ar chúrsa éigeantach Gaeltachta chun coinníollacha a n-oiliúna mar mhúinteoirí bunscoile a chomhlíonadh.

Siollabas an Chúrsa

Siollabas don Chéad Tréimhse Foghlama Gaeltachta
Siollabas don Dara Tréimhse Foghlama Gaeltachta.
Lámhleabhar Gaeilge / Béarla

Torthaí Foghlama
  • Cur le cumas na mac léinn an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne d’fhonn a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
  • Tuiscint a chothú iontu ar Cheart na Gaeilge.
  • Oiliúint phraiticiúil a thabhairt dóibh i gcruthú acmhainní teagaisc a bheadh oiriúnach don seomra ranga bunscoile.
  • Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú iontu a rachaidh i bhfeidhm ar a n-iompar teanga.
  • Léargas a thabhairt dóibh ar éagsúlacht shaol na Gaeltachta idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr
Modúil an chúrsa
  • Ceartúsáid na Gaeilge idir Labhairt & Scríobh
  • An Ghaeilge ar líne
  • Gaeilge na Gaeltachta
  • An Fillteán Foghlama
  • Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta, damhsa,
    spóirt, eolaíochta, ceoil
  • Acmhainní Cruthaitheacha do mhúineadh na Gaeilge
Imeachtaí seach-churaclaim
  • Siúlóidí dúlra agus tóraíochtaí taisce & oidhreachta
  • Seisiúin scéalaíochta, scoraíochta, amhránaíochta, cheoil
  • Céilithe, drumadóireacht
  • Tráth na gCeisteanna Boird
Táillí Teagaisc agus Lóistín

€750* SUSI (Gaeilge / Béarla)

* Mic Léinn na Gaeltachta: Beidh mic léinn na Gaeltachta in ann fanacht sa bhaile (más mian leo) agus taisteal chuig an gcúrsa gach lá. Íocfaidh siadsan táille €475.

Modh Íocaíochta

Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór an táille iomlán €750(€475) a íoc roimh an Déardaoin, 25 Iúil 2019.

Is féidir an táille a íoc le cárta creidmheasa (Visa/Mastercard) nó le cárta dochair (Visa Debit) ach glaoch orainn ag 091-494600/ 494612 le sonraí an chárta.

Tuilleadh eolais
An Rúnaí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
 
T: +353 91 494600 / 494612
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
Foirm iarratais ar líne: Cliceáil anseo